Na hOileáin Chanáracha
Is oileánra iad na hOileáin Chanáracha (Spáinnis Islas Canarias) (28° 06'N, 15° 24'W) i Ríocht na Spáinne. Seacht n-oileán bholcánacha atá ann agus iad suite san Aigéan Atlantach ar an taobh thiar thuaidh de mhór-roinn na Afraice (gar do Mharacó agus don Sahára Thiar). Is comhphobal féinrialaithe de chuid na Spáinne iad na hOileáin.
Na hOileáin Chanáracha | |||||
---|---|---|---|---|---|
Islas Canarias (es) | |||||
|
|||||
Aintiún | Himno de Canarias (28 Aibreán 2003) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Príomhchathair | Santa Cruz de Tenerife agus Las Palmas de Gran Canaria | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,172,944 (2021) | ||||
• Dlús | 291.79 hab./km² | ||||
Déamainm | Canárach | ||||
Teanga oifigiúil | an Spáinnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Extrapeninsular Spain (en) | ||||
Achar dromchla | 7,447 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Pointe is airde | Teide (3,715 m) | ||||
Pointe is ísle | Aigéan an Atlantaigh Thuaidh (0 m) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Province of Canary Islands (en) | ||||
Cruthú | 10 Lúnasa 1982 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Canarian Parliament (en) | ||||
• Ceannaire an rialtais | Angel Victor Torres Perez | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | CN | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ic | ||||
Cód tíre | IC | ||||
Cód ISO 3166-2 | ES-CN | ||||
Cód NUTS | ES7 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gobiernodecanarias.org |
Sanasaíocht
cuir in eagarIs dócha go dtagann an t-ainm Islas Canarias ó Insula Canaria, ainm Laidine a chiallaíonn "Oileán na Madraí".
B'fhéidir gurb é an Rón Manachúil (Monachus monachus) atá i gceist, speiceas atá i mbaol agus nach bhfuil le fáil a thuilleadh sna hOileáin Chanáracha.[1]
Stair
cuir in eagarAn seansaol
cuir in eagarThug na Féinícigh, na Gréagaigh agus na Cartagaigh cuairt ar na hOileáin. Dúirt Plinias Mór (1 AD) go bhfaca na Cartagaigh foirgnimh mhóra ann, cé nach raibh beo ná ceo le feiceáil.[2] Deirtear gurb é Rí Juba II a tháinig ar na hoileáin ina dhiaidh sin.[3]
Nuair a bhí Eorpaigh ag taiscéaladh na n-oileán bhuail siad lena lán pobail bhundúchasacha a raibh uirlisí Neoiliteacha á n-úsáid acu. Cuireann anailís theangeolaíocha agus ghéiniteach in iúl go raibh baint ag cuid de na daoine úd le Beirbearaigh thuaisceart na hAfraice.[4] Thugtaí Guanches orthu.
Deirtear gur thug na hArabaigh cuairt ar na hoileán sa 10ú haois. Ón 14ú haois amach bhí daoine ag teacht ón bPortaingéil, ó Mhajorca agus ó Ghenoa, agus bhunaigh lucht Majorca misean ann in éineacht le heaspagóideacht, rud a mhair ón mbliain 1350 go dtí an bhliain 1400.
Sa bhliain 1402, tháinig na hOileáin faoi smacht na Spáinneach, a bhuíochas sin ar Juan de Bethencourt agus ar Gadifer de la Salle, eachtránaithe Francacha. Go dtí Oileán Lanzarote a tháinig siad ar dtús, agus i gceann tamaill ghabh siad Fuerteventura agus Hierro. Gairmeadh Rí na nOileán Canárach de de Béthencourt, cé gur ghlac sé le hAnraí III de Castile mar ardtiarna. Bhunaigh Béthencourt daingean ar oileán Gomera, ach thóg sé tamall air an namhaid a chur faoi chois. B'fhada gur éirigh leis na coilínigh bunmhuintir na n-oileán a chloí ar fad. Idir na blianta 1448 agus 1459 bhí an Spáinn agus an Phortaingéil in adharca a chéile. Dhíol Mariot de Béthencourt Lanzarote leis an bPortaingéil, rud nár thaitin leis na Guanches ná leis na coilínigh, agus cuireadh na Portaingéalaigh as seilbh.
Tar éis na hoileáin a ghabháil
cuir in eagarThug na Caistíligh geilleagar aon bharra isteach: siúcra ar dtús, ansin fíon - earra a raibh éileamh air i Sasana. Cuireadh forais riaracháin ar bun: bhí gobharnóir ag Gran Canaria (coilíneacht de chuid na Caistíle ón mbliain 1480 agus de chuid na Spáinne ón mbliain 1556) agus gobharnóir eile ag Ternerife (áit a bhí ina coilíneacht ón mbliain 1495).
Tháinig rath ar chuid de phobal na n-oileán. Sa 16ú haois agus ina dhiaidh sin sheasadh longa maoine na Spáinne sna hOiléain agus iad ag tarraingt ar Mheiriceá le cúnamh na gaoithe anoir.[5]D'éirigh Santa Cruz de Tenerife agus Las Palmas de Gran Canaria saibhir; tháinig ceannaithe agus tógadh páláis agus teampaill ar Oileán La Palma, cé gur mheall an saibhreas foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice agus foghlaithe ceadúnaithe.
Dhá bhua
cuir in eagarD'ionsaigh na hOllannaigh Las Palmas le cabhlach ceithre long is seachtó agus dhá mhíle dhéag fear sa bhliain 1599 le linn Chogadh Neamhspleáchais na hOllainne. Ghabh siad daingean na cathrach agus theip orthu an chathair féin a ghabháil. D'imshuigh siad Las Palmas agus chreach siad na hoileáin, ach d'éirigh siad as an léigear faoi dheireadh.
Dhá chéad bliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1797, d'ionsaigh cabhlach Briotanach faoi cheannas Horatio Nelson Santa Cruz de Tenerife. Ruaigeadh na Briotanaigh (agus chaill Nelson a ghéag dheas).
An 19ú haois
cuir in eagarTheip ar thionscal siúcra na n-oileán sa 19ú haois de bharr iomaíocht choilíneachtaí Meiriceánacha na Spáinne. Is éard a neartaigh an geilleagar áitiúil arís saothrú na carnaide.
Mar sin féin, thug na mílte a n-aghaidh ar an dá Mheiriceá agus ar thíortha eile i ndeireadh an 19ú haois agus sa chéad leath den 20ú haois. Bhí siad ag leanúint oileánach eile a bhí ag déanamh ar limistéir i Meiriceá na Spáinne faoi dheireadh an 18ú haois.[6]
An 20ú haois
cuir in eagarSa bhliain 1936 tháinig Francisco Franco go dtí na hOileáin Chanáracha mar cheannasaí míleata, agus bhain sé feidhm astu mar bhunáit chun tús a chur le Cogadh Cathartha na Spáinne ar 17 Iúil 1936. Chuir scata ina choinne ar Oileán La Palma agus i Vallehermoso ar Oileán Gomera. Imríodh díoltas fíochmhar ar na heasaontóirí i ndiaidh an chogaidh.
Tháinig borradh faoin bhfreasúra ó na caogaidí amach, agus tar éis bhás Franco tháinig ré nua dhaonlathach.
Rialtas
cuir in eagarTá trí shuíochán déag ag na hOileáin i Seanad na Spáinne. Déantar aon Fheisire dhéag a thoghadh go díreach agus déanann an Rialtas Féinrialaithe beirt eile a thoghadh go hindíreach. [7]
Tar éis gur cuireadh monarcacht bunreachtúil daonlathach ar bun sa Spáinn bronnadh féinrialú ar an hOileáin sa bhliain 1982, agus sa bhliain 1983 cuireadh na chéad toghcháin fhéinrialacha ar siúl. Bhuaigh Páirtí Sóisialach Oibrithe na Spáinne (PSOE). Sna toghcháin is déanaí (2007) fuair an PSOE an chuid is mó de na suíocháin mar pháirtí, ach tháinig an Comhcheangal Canárach, dream náisiúnaíoch, agus Páirtí an Phobail (PP), coimeádaigh, i réim mar chomhrialtas.[8]
Daonra
cuir in eagarBhí 2,098,593 duine ina gcónaí sna hOileáin sa bhliain 2009.[9] I measc na ndaoine sin tá inimircigh ón Spáinn (agus Gailísigh, Caistíligh, Catalónaigh agus Bascaigh san áireamh), in éineacht le Portaingéalaigh, Iodálaigh, Pléimeannaigh agus Briotanaigh. Tá 1,799,373 duine den daonra ina Spáinnigh.
Creideamh
cuir in eagarTá formhór mór na gCanárach ina gCaitlicigh. Tá dhá dheoise ann agus easpag i gceannas ar gach ceann acu.
Tá Protastúnaigh ó Thuaisceart Eorpa ann freisin, agus Moslamaigh ón Afraic. Tá athbhunaitheoirí Críostaí ann ar nós The Church of Jesus Christ of Latter-day Saints. Tá a lán Hiondúch ann, agus go fiú Eaglais an Phobail Guanche, creideamh nua-Phágánach.
Geilleagar
cuir in eagarIs í an turasóireacht an chuid is mó den gheilleagar: 32% den olltáirgeacht intíre (OI). Tagann timpeall 10 milliún turasóir in aghaidh an bliana.
Baineann beagnach 20% den OI leis an tógáil, agus onnmharaítear barra trópaiceacha ar nós bananaí agus tobac chun na hEorpa agus Meiriceá. Tá eagla ar éiceolaithe go bhfuil an iomarca úsáide á bhaint as acmhainní nádúrtha, go háirithe sna hoileáin is tuire.
Iompar
cuir in eagarTá ocht n-aerfort sna hOileáin agus dhá cheann de na calaí is mó sa Spáinn. Tá mórán bóithre ann.[10]
Tá a lán báid farantóireachta ann a théann ó oileán go hoileán. Tá cuid díobh measartha luath (ag déanamh os cionn tríocha muirmhíle san uair) agus ní dhéanann cuid eile ach timpeall fiche muirmhíle. B'fhéidir go leanfadh an gnáth-thuras idir La Palma agus Tenerife ocht n-uair an chloig nó os a chionn, ach ní thógfadh a leithéid ach timpeall dhá uair go leith ar bhád luath.
Thosaigh Tram Tenerife sa bhliain 2007. Is í an t-aon tram amháin sna hOileáin í agus téann sí idir Santa Cruz de Tenerife agus San Cristóbal de La Laguna. Táthar chun trí [+bealaí tram eile a thógáil, beirt in Tenerife agus ceann in Gran Canaria.
Creideamh
cuir in eagarMar a tharla an chuid eile de na Spáinne é, na hOileáin Chanáracha sochaí den chuid is mó Críostaí, den chuid is mó Chaitliceach Rómhánach. Mar sin féin, An bhfuil na sreabha imirce méadú (turasóireacht, inimirce, etc.) chun cur le líon na n-leanúna na reiligiúin eile chun teacht le chéile ar na hoileáin, mar Muslims, Hindus, etc.
Tá sé tábhachtach béim a chur ar an cult an Mhaighdean na Candelaria, an Naomh Pátrún na hOileáin Chanáracha, i Tenerife. A mheallann gach bliain níos mó ná 2.5 milliún duine a thugann cuairt ar a baisleac.
Tíreolas
cuir in eagarAg seo na hoileáin agus a gcuid bpríomhchathracha:
Oileán | Bratach | Armas | Bardais | Príomhchathar | Achar (cm²) | Daonra (2016)[11] |
---|---|---|---|---|---|---|
El Hierro | 3 | Valverde | 268.71 | 10,587 | ||
Fuerteventura | 6 | Puerto del Rosario | 1,665.74 | 107,521 | ||
Gran Canaria | 21 | Las Palmas de Gran Canaria | 1,560.10 | 845,195 | ||
La Gomera | 6 | San Sebastián de La Gomera | 369.76 | 20,940 | ||
Lanzarote | 7 | Arrecife | 888.07 | 145,084 | ||
La Palma | 14 | Santa Cruz de La Palma | 708.32 | 81,486 | ||
Tenerife | 31 | Santa Cruz de Tenerife | 2,034.38 | 891,111 |
Fiasdhúlra
cuir in eagarFiadhúlra domhanda
cuir in eagarTá speicis éan ann ón Afraic agus ón Eoraip ar nós na Gaineamhchirce Tarrdhuibhe, agus mórán taxa áitiúla:
- Canáraí
- Graja (in La Palma)
- Rí Gorm (in Tenerife agus in Gran Canaria)
- Tiuf-tiaf Canárach
- Caislín Fuerteventura
- Cíorbhuí Tenerife
- Rí Rua La Palma
- Bultúr Éigipteach Canárach
- Colúr Bolle
- Colúr Labhrais
- Colúr Trocaz
- Gabhlán
- Clamhán Houbara
Tá Gearg an nOileán Canárach, an Ghealóg Chosfhada agus Tiuf-tiaf na nOileán Canárach Oirthearach imithe in éag.
Tá geiceonna ann mar Gheiceo Riabhach na nOileán, laghairtí ballaí, agus trí speiceas ar thángthas orthu arís le déanaí agus atá i gcontúirt mhór: Oll-Laghairt Oileán El Hierro, Oll-Laghairt Oileán La Gomera agus Oll-Laghairt Oileán La Palma.
I measc na mamach tá an Dallóg Chanárach, an Sciathán Leathair Cluasmhór Canárach, an Ghráinneog Ailgéarach (ainmhí a tugadh isteach, b'fhéidir) agus an chaora mouflon, ainmhí a tugadh isteach níos déanaí. D'imigh an Luch Laibhe, Oll-Fhrancach Oileán Gran Canaria agus Oll-Fhrancach Tenerife in éag.
Fiadhúlra mara
cuir in eagarTá speicis áitiúla agus speicis ón Aigéan Atlantach agus ón Meánmhuir le fáil timpeall na nOileán. Ina measc tá an Siorca, an Roc, an Eascann, an Garbhánach, an Liús, an Scairpiasc, an Garúpach, an Mac Siobháin, an tIasc Truicir agus an Ceannruán. Tá speicis gan cnámh droma ann freisin - an Spúinse, an Smugairle Róin, an Anamóine, an Portán, an tIasc Sliogánach, an Ghráinneog Trá, an Chrosóg Mhara, an Súmaire Cladaigh agus coiréal.
Feictear cúig speiceas turtar mara, go háirithe an Turtar Ceannramhar.[12] Is iad na cinn eile an Turtar Glas, an Turtar Frithghobach, an Turtar Droimleathair Turtar Ridley Kemp. Ní fheictear ag síolrú sna hOileáin anois iad ach b'fhéidir go síolraídís ann fadó.
Tá an Píolótach Gearreiteach, an Deilf Choiteann agus an Deilf Bholgshrónach le feiceáil timpeall na Oileán.
Páirceanna náisiúnta
cuir in eagarTá ceithre pháirc náisiúnta ann. Suímh Oidhreachta Domhanda dhá cheann acu agus Anaclann Dhomhanda Bhithsféarach an dá cheann eile.[13]
Nótaí
cuir in eagar- ↑ http://www.endangeredspecieshandbook.org/persecution_seals.php Curtha i gcartlann 2016-03-03 ar an Wayback Machine |title=Seals and Sea Lions Endangered Species Handbook |Endangeredspecieshandbook.org|
- ↑ Galindo, Juan de Abreu: The History of the Discovery and Conquest of the Canary Islands, Adamant Media Corporation, lch 173 ISBN 1-4021-7269-9
- ↑ http://www.megalithic.co.uk/article.php?sid=17910: C.Michael Hogan, Chellah, The Megalithic Portal, Andy Burnham, eag., Megalithic.co.uk
- ↑ http://www.ucalgary.ca/applied_history/tutor/oldwrld/colonists/canary.html Curtha i gcartlann 2007-10-13 ar an Wayback Machine Old World Contacts/Colonists/Canary Islands
- ↑ http://matiascallone.blogspot.com/2009/07/cualquier-cosa-que-flote-arrojada-al.html |title=ViSioN BeTa: “Cualquier cosa que flote arrojada al mar desde Canarias, llegará a América” |Matiascallone.blogspot.com
- ↑ http://www.personal.psu.edu/users/j/m/jml34/Canary.htm%7Cwww.personal.psu.edu[nasc briste go buan] "The Spanish of the Canary Islands" |Personal.psu.edu
- ↑ http://www.gobiernodecanarias.org/organizacion/estructura.jsf%7CGobierno de Canarias
- ↑ http://www.parcan.es/%7CSuíomh Curtha i gcartlann 2020-11-26 ar an Wayback Machine Pharlaimint na nOileán Canárach
- ↑ http://www.gobiernodecanarias.org/istac/estadisticas/php/saltarA.php?mid=/istac/estadisticas/territorio_ambiente/area_01_frame.html |Estadísticas de la Comunidad Autónoma de Canarias |Gobiernodecanarias.org
- ↑ "Canary Islands road map: Spain - Multimap". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-18. Dáta rochtana: 2010-11-19.
- ↑ Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs named:0
- ↑ Groombridge, Brian agus Wright, Lissie (1982), The IUCN Amphibia-reptilia Red Data Book, IUCN ISBN 978-2-88032-601-2
- ↑ http://pueblos10.com/parques-nacionales/canarias |Parques Nacionales de Canarias |Pueblos10.com |
Féach freisin
cuir in eagar- Alfred Crosby, Ecological Imperialism: The Biological Expansion of Europe, 900-1900 (Cambridge University Press) ISBN 0-521-45690-8
- Felipe Fernández-Armesto, The Canary Islands after the Conquest: The Making of a Colonial Society in the Early-Sixteenth Century, Oxford U. Press, 1982. ISBN 978-0-19-821888-3; ISBN 0-19-821888-5
- Sergio Hanquet, Diving in Canaries, Litografía A. ROMERO, 2001. ISBN 84-932195-0-9
- Martin Wiemers: The butterflies of the Canary Islands. - A survey on their distribution, biology and ecology (Lepidoptera: Papilionoidea and Hesperioidea) - Linneana Belgica 15 (1995): 63-84 & 87–118 pdf