Baile fearainn agus sráidbhaile in Éirinn is ea Na hAoraí[1] (Béarla: Eyeries). In iardheisceart na tíre atá sé suite, i mBéarra i gContae Chorcaí.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilNa hAoraí

Suíomh
Map
 51° 41′ N, 9° 57′ O / 51.68°N,9.95°W / 51.68; -9.95
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Logainm.ie1412764
Aithnítear Baile na nAoraí mar gheall ar na tithibh ildaitibh a fhaightear ann

Os na haoiríbh a bhíodh ag mairiúint san áit is cosúla go dtagann ainm sin 'Na hAoraí', cé go dtugtaí 'Na hEiríghe' agus 'Na hIar-Righthe' mar leaganachaibh air ar uairibh, leis.[1]

Tíreolaíocht

cuir in eagar
 
Mioscais is é sa chúlra i mBaile na nAoraí

Tá Na hAoraí suite ar leathaill i bParóiste Chill Chaitiairn ar thaobh thuaidh Bhéarra, ag féachaint siar ar Bhá na Cuaillí, ar an Scairbh agus ar Dhuínis. Laisteas uathu tá Mioscais, agus tá Pointe Chill Chaitiairn agus Inis Fearn Ard le feiscint lastuaidh.

Do bhí 153 daoine ag mairiúint i mbaile fearainn na nAoraí de réir Dhaonáirimh 2022, maraon le 108 ar na hAoraíbh Bheaga, atá cos leis.[2]

 
Tá paróiste Chill Chaitiairn ainmnithe i ndiaidh na cille Meán-Aoise seo lastuaidh os na hAoraíbh

Seanchas ⁊ Béaloideas

cuir in eagar
 
Deirtear gurb í an chloch seo a deineadh den Chailligh Bhéarra, i ndiaidh di bíobla Naomh Chaitiairn a ghoid