Na daonlathaithe sóisialta (an tSualainn)
Is páirtí polaitíochta Sualannach é Na Daonlathaithe Sóisialta (Sualainnis: socialdemokraterna). Bunaíodh sa bhliain 1889 é. Is é an páirtí is mó sa tSualainn é, agus is íh Magdalena Andersson ceannaire an páirtí ó bhí 2021 ann. Is páirtí daonlathach sóisialach é.
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | S ![]() | ||||
Cineál | páirtí sóisialach daonlathach páirtí polaitíochta ![]() | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas sóisialach sóisialachas daonlathach ![]() | ||||
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 23 Aibreán 1889 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Páirtí na Sóisialaithe Eorpach An tAontas Forásach Labour and Socialist International (en) ![]() ![]() | ||||
Ballraíocht | 75,000 (2020) ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Magdalena Andersson (2021–) ![]() | ||||
Ardrúnaí | Lena Rådström Baastad ![]() | ||||
Ógeagraíocht | Swedish Social Democratic Youth League (en) ![]() ![]() | ||||
Úinéir de | |||||
Parlaimint na Sualainne | 107 / 349 | ||||
Parlaimint na hEorpa | |||||
Eile | |||||
Dath | ![]() | ||||
Uimhir teileafón | +46-8-700-26-00 ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | socialdemokraterna.se ![]() | ||||
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/d/d6/Tage_Erlander%2C_Olof_Palme_och_Ingvar_Carlsson_p%C3%A5_Studentafton_i_Lund.jpg/220px-Tage_Erlander%2C_Olof_Palme_och_Ingvar_Carlsson_p%C3%A5_Studentafton_i_Lund.jpg)
Tá an páirtí i bhfabhar stát leasa, geilleagar measctha, agus ardchánachas. Rialaigh sé rialtas na Sualainne ar feadh formhór an 20ú haois, ceithre huaire ó 1920 go 1926, ansin 1932-1936, 1936-1976, 1982-1991 agus 1994-2006. Chum Príomh-Aire agus ceannaire an pháirtí Per-Albin Hansson an smaoineamh “baile na muintire” (Sualainnis: Folkhemmet), smaoineamh faoi stát leasa Sualannach, le comhoibriú, sábháilteacht, agus gan córas aicmeach.[1] Tharlódh é le leanúnach athchóiriú sóisialta agus méadú leasa laistigh de chreat caipitlíoch i ndiaidh an Spealaidh Mhóir agus an Dara Cogadh Domhanda faoi na Príomh-Airí Per-Albin Hansson (1932–1936, 1936–1946), Tage Erlander (1946-1969), agus Olof Palme (1969-1976, 1982-1986).[2]
Bhog an páirtí go dtí an lár i rith na 1990idí faoi Göran Persson (Príomh-Aire 1996-2006) le polasaithe déine caiteachais de réir mar a bhí an geilleagar ag dul in olcas. Rialaigh an páirtí le páirtí na timpeallachta (Sualainnis: Miljöpartiet) ó 2014 go 2022. Sa bhliain 2021, ainmníodh Magdalena Andersson ceannaire an pháirtí agus an chéad phríomh-aire baineann sa tSualainn.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Folkhemmet" (sv). SO-rummet (2023-08-23). Dáta rochtana: 2023-08-31.
- ↑ Text-Torbjorn Nilsson 6 juli 2010 URL copied to clipboard (2010-07-06). "Socialdemokraterna – folkhemmets byggherrar" (sv). Populär Historia. Dáta rochtana: 2023-08-31.
- ↑ "Magdalena Andersson | Biography, Husband, & Resigns | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2023-08-31.