Uí Laoghaire
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Meastar gur tháinig tiarnaí Uí Laoghaire ó dhúchas as ceantar Ros Ó gCairbre, bainte inniu le paróiste Uibh Laoghaire i gContae Chorcaí[1][2][3]
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/e/ec/O%27Leary.png/220px-O%27Leary.png)
Stair
cuir in eagarRianaíonn a chlann a ginealach siar go dtí Lugaid mac Con, rí ársa na Teamhrach agus Ardrí na hÉireann, agus shroicheadar Dháire Doimthí. Feictear i Leabhar Mór Leacáin (A.D. 1397-A.D. 1418) iad mar thaoisigh dhúchasacha Chorca Laidhe i dtuath Rois, le teaghlaigh ann:[4]
- Tuath Ruis .i. Tuath in Dolaich, o Loch in Bricin co Faid Ruis, o Thraig Long co Sid na Fear (i) Find. O Leagaire a taisach duchusa. Is iad so an oclaid duchusa .i. O Ruaidri, O Lonan, O Laidid, O Torpa, O hUrmoltaich, O Mirin, O Meic Dairic, O Tuaraide, O Trena, O hUainidi, O Cerdin
Insítear i nAnnála Inis Faithlinn as Áth Cliath gur éag Naomh Fachtna sa bhliain 600 in:[5]
- Corca Laidhe-I-Laeghaire Ruis".
Sa 12ú haois, bhí Uí Laoghaire ina maoir ó oidhreacht ar mhainistir Fachtna agus ar an scoil ard-léinn, Scoil Rois. Ó shin i leith, cuireadh an ruaig ar an gclann ó thuaidh, agus lonnaigh siad raibh ó dheas de Mhaigh Chromtha thart ar Inse Geimhleach ar An Laoi, darb ainm anois Uibh Laoghaire.
An lá inniu
cuir in eagarNíl ach fíor bheagán ar an eolas fúithi le roinnt haoiseanna go dtí an 16ú haois, nuair thángadar ar an bhfód sách saibhir, cé faoi ghéillsine Mhic Cárthaigh Mhúscraí, a bhronn Slat na ríghe orthu.[6] Ní raibh an i dTiarna Mhúscraí ach iad féin agus Mhic Mhathúna mar ruílsigh.[7] Thóg siad roinnt caisleán, ach níl ach fós ach Caisleán Charraig na Cora.
Sheas Amhlaoibh Ó Laoghaire ó thús báire le hAodh Ó Néill, 2a hIarla Thír Eoghain i gCogadh na Naoi mBliana (Éire), i dteannta le William Bourke (Clanricarde) agus eile others. Eisreachtaíodh tiarnaí Uí Laoghaire agus briseadh a gcuid críoch suas, ach níor tharla tada i ngeall ar scoite na dtailte, agus d'fhanadar slán ann go dtí coigistiú Cromwell na cianta níos deireanaí. Rinne Donnchadh Mac Cárthaigh, 1d Iarla Chlann Chárthaigh a dhícheall tacú a thabhairt don chlann trí léasú.[8] Le linn Chogadh an Dá Rí, scaipeadh an chlann níos mó.
Mar chomhartha a gcuid saibhris agus cumhachta i lár na 16ú haoise, deirtear go raibh Ó Laoghaire éigin as Carraig na Cora [9] ina athair altrama Dhomhnaill na gCraicne, sinsear Uí Dhonnabháin Uí Dhonnabháin Chlann Cathaill. Phós a iníon Ellen le Domhnall, agus bhí mac acu, Domhnall II.
Bhí Domhnall mac Airt Ó Laoghaire (1575–1657) ina thiarna deireanach Uí Laoghaire den ord Gaelach.
De shliocht ghéag na clainne as Carraig na Cora ba ea an scríbhneoir Gaeilge mór le rá Peadar Ua Laoghaire.[10]
Uí Laoghaire Eile
cuir in eagarFeictear an t-ainm fosta i ngéag na nEoghanacht, Cineál Laoghaire.[11] Is deacair é ginealaigh an dá chlann Uí Laoghaire, idir Corca Laidhe in iarthuaisceart Chorcaí agus Eoghanacht ar na gaobhair i gCiarraí, a rianú.
Níl cuan Dhún Laoghaire, gar do Bhaile Átha Cliath, gaolta le hUíbh Laoghaire, ach ina ionad sin ainmnithe as Laoghaire mac Néill, Ardrí de chuid na 5ú haoise.
Daoine
cuir in eagarMíleata
cuir in eagar- Art Ó Laoghaire (bás 1773), oifigeach airm Ostra-Ungárach. Chum a bhean chéile, Eibhlín Dubh Ní Chonaill, "Caoineadh Airt Uí Laoghaire"
- Daniel Florencio O'Leary (1802–1854), ginearál faoi Simon Bolivar
Reiligiúin
cuir in eagar- Arthur O'Leary (1729–1802), Proinsiasach Éireannach agus scríbhneoir conspóideach
- Francis O'Leary MBE (1931–2000), sagart agus misinéir a bhunaigh Ospís Naomh Seosamh
Litríocht
cuir in eagar- John O'Leary (Fínín) (1830–1907), file Éireannach, curtha i ngéibheann le linn na naoú haoise déag
- Máire Bhuí Ní Laoghaire (1774–1849), file Éireannach
- Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), sagart agus scríbhneoir Gaeilge, ina bhunaitheoir litríocht Ghaeilge an lae inniu, a mheastar
Polaitíocht agus dlí
cuir in eagar- Brendan O'Leary, eolaí polaitíochta Éireannach
- Cornelius O'Leary, staraí Éireannach
- Donnchadh Ó Laoghaire (rugadh 1989) Teachta Dála le Sinn Féin
- Henry O'Leary, fear gnó Éireannach, pearsa polaitiúil in New Brunswick
- Jean O'Leary, iarbhean rialta agus gníomhaí cheart LADTA
- John O'Leary (Ciarraí) (born 1933), teachta dála le Fianna Fáil as Ciarraí
- John O'Leary (Loch Garman) (1894–1959), teachta dála le Páirtí an Lucht Oibre as Loch Garman
- Michael O'Leary (1936–2006), iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre
- Seán O'Leary (polaiteoir) (rugadh 1941), Seanadóir Éireannach
- William O'Leary (polaiteoir) (bás 1955), teachta dála le Fianna Fáil as Ciarraí
Iriseoireacht agus gníomhaíochas
cuir in eagar- John O'Leary (iriseoir), eagarthóir ar an Times Higher Education Supplement
- Olivia O'Leary, iriseoir Éireannach
Ealaín
cuir in eagar- Arthur O'Leary (1834–1919), cumadóir agus pianódóir Éireannach
- Dermot O'Leary (a rugadh in 1973), láithreoir teilifíse agus raidió Sasanach
- Jane O'Leary, ceoltóir agus cumadóir
- Michael O'Leary (aisteoir) (a rugadh 1958), aisteoir Meiriceánach
Spórt
cuir in eagar- Clare O'Leary, an chéad bhean Éireannach a dhreap Sliabh Everest
- Daren O'Leary, imreoir rugbaí Sasanach
- David O'Leary, imreoir agus bainisteoir sacair
- John O'Leary (peileadóir)
- Kieran O'Leary, peileadóir
- Kristian O'Leary, imreoir sacair Breathnach
- Noel O'Leary, peileadóir
- Seánie O'Leary (a rugadh 1954), iománaí
- Stephen O'Leary, imreoir sacair Éireannach
- Tomás O'Leary (a rugadh 1983), imreoir rugbaí Éireannach
Eile
cuir in eagar- Brian O'Leary, eolaí agus spásaire Meiriceánach
- Catherine O'Leary (1827–1895), Chicago
- Ciarán O'Leary, imreoir pócair
- Daniel O'Leary (drongadóir)
- James Patrick O'Leary (c. 1860–1926), drongadóir
- Michael O'Leary, Ryanair
Áiteanna
cuir in eagar- Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath
- O'Leary, Oileán Phrionsa Éadbhard
- Plaza O’Leary – cearnóg mhór in Caracas, Veiniséala, ainmnithe as Daniel Florencio O'Leary
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Annála Inis Faithlinn as Áth Cliath
- ↑ Seán Ó Donnabháin, eag. 'The Genealogy of Corca Laidhe', in Miscellany of the Celtic Society. Baile Átha Cliath. 1849. (scan eile)
- ↑ Cork History and Society, P. O'Flanagan, C. Buttimer, Geography Publications, Baile Átha Cliath 1993
- ↑ Cork History and Society, P. O'Flanagan, C. Buttimer, eag. Geography Publications, Baile Átha Cliath 1993
- ↑ Seán Ó Donnabháin
- ↑ Ó Murchadha, lch. 208
- ↑ Diarmuid Ó Murchadha, Family Names of County Cork. Corcaigh: The Collins Press. 2a heagrán, 1996, ll. 206 ff
- ↑ Ó Murchadha, lch. 211
- ↑ Ní fios a ghéag, b'fhéidir ceann eile ná mar a tháinig i seilbh ann níos déanaí.
- ↑ Ó Murchadha, lch. 214
- ↑ Cork History and Society, P. O'Flanagan, C. Buttimer, eag. Geography Publications, Baile Átha Cliath 1993, lch. 63