Murchadh MacPhàrlain
Rugadh agus tógadh Murchadh MacPhàrlain nó Bàrd Mhealaboist, i Mealaboist, sráidbhaile beag in aice le Steòrnabhagh, san Eilean Leòdhais. Ar scoil, d’fhoghlaim sé Béarla, Laidin agus roinnt Fraincise ach ní bhfuair sé oideachadh trí Ghaeilge riamh.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Feabhra 1901 Mealabost, Scotland |
Bás | 7 Samhain 1982 81 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, saighdiúir, file |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Gaeilge na hAlban |
Chuaigh Murchadh ag obair don Tiarna Leverhulme, ar chuid de na scéimeanna a bhunaigh sé ar Eilean Leòdhais, ach nuair a theip air sin, ar nós na mílte eile, chuaigh sé ar imirce go Ceanada. Chaith sé roinnt blianta i Manitoba, áit nár thaithin leis, agus d'fhill sé ar ais abhaile i 1932. Rinne sé a sheirbheis náiseanta idir 1942 agus 1945.
Chaith sé an chuid eile dá shaol i Leòdhas ag obair mar chrochtóir. Níor phós sé riamh.
Tríd an scríbhneoireacht, cuireann Murchadh síos ar an mhéid a chonaic sé agus a d’fhulaing sé féin, i Leòdhas, i gCeanada agus i mblianta an chogaidh.
Fuair cuid dá dhánta aitheantas trí bheith á gcanadh ag bannaí Gaelacha éagsúla, na h-Òganaich agus na Siaraich ina measc. Agus bhuaigh sé gradam as 'Mi le m’ Uillinn' a scríobh nuair a sheinn na h-Oganaich é ag an bhFéile Phan-Cheilteach 1972 i gCill Airne. Tá dhá leabhar d'filíocht Mhurchaidh foilsithe, An Toinneamh Dìomhair i 1973 agus Dàin Mhurchaidh i 1986.
D’éag sé 7 Samhain, 1982.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Dealbh
- GRD:Bàird Ghàidhlig:Bàrd Mhealaboist Curtha i gcartlann 2019-04-04 ar an Wayback Machine
- BBC Alba:Bliadhna nan Òran:Murchadh MacPhàrlain (Bàrd Mhealboist)
- BBC Alba:Làrach nam Bàrd:Murchadh MacPhàrlain
- Faclan Cànan nan Gàidheal Curtha i gcartlann 2017-04-14 ar an Wayback Machine
- Faclan Cànan nan Gàidheal (atharrachadh eile)
- 'The Lewis Folk' - Clár raidió ó 1976, le Kieran Sheedy ar RTÉ 1, ina bhfuil agallamh agus amhrán ó Mhurchadh