Muineachán
Is é Muineachán[1] príomhbhaile Chontae Mhuineacháin, ceann den trí chontae i gCúige Uladh a fágadh ar an taobh theas den Teorainn nuair a chuaigh an chríochdheighilt i bhfeidhm ar oileán na hÉireann i ndiaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Is é Muineachán an t-aon áit amháin sa chontae ar féidir cathair a thabhairt uirthi, agus tá cónaí ar sé mhíle duine ann. Tá an Teorainn suite thart faoi ocht gciliméadar den bhaile.
Muineachán | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Mhuineacháin | |||
Príomhchathair de | ||||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 71 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Eile | ||||
Logainm.ie | 40866 | |||
Suíomh gréasáin | monaghantown.ie |
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Daonra
cuir in eagar65,288 Daonra [2022] – Daonáireamh
1,273 km² Achar
51.27/km² Dlús Daonra [2022]
1.0% Athrú Bliantúil Daonra [2016 → 2022][1]
102 Fir do gach 100 Bhean[2]
Stair
cuir in eagarB'iad muintir Mhic Mhathúna an treibh Ghaelach a bhí i seilbh na háite roimh theacht na nGall, ach níl a dhath fágtha dá gcuid caisleán is mainistreach inniu. Tá iarsmaí ann de chrannóg bheag a bhí ina ceanncheathrú ag na Mathúnaigh sa cheathrú haois déag, áfach.[
Bhí suíomh bhaile Mhuineacháin mar chuid de shean-ríocht Ghaelach Oiriall ar dtús, a théann siar go dtí thart ar 330 AD.[3]
Bhí tionscal an línéadaigh tábhachtach mar fhoinse shaibhris i Muineachán cosúil le háiteanna eile in Ultaibh, agus tógadh foirgnimh fheiceálacha sa bhaile seo ar éadálacha an tionscail.
Tháinig Charles Gavan Duffy chun an tsaoil i Muineachán. Inniu, tá an scríbhneoir Gaeilge Pádraig Ó Baoighill ina chónaí san áit.
Phléasc buama i mBaile Muineachán i lár an bhaile ar an 17ú Bealtaine 1974. Maraíodh seachtar.[4]
I 1801 rinneadh maoin de mhuintir Westenra de Bhaile Múineacháin mar aon leis an gcuid eile D'Eastát Ross Mór.
Cultúr
cuir in eagarLeanann Muineachán ar aghaidh ag óstáil ceann de na féilte gormacha is clúití agus is seanbhunaithe in Éirinn, Féile Ceol Blues Ag Am an Fhómhair.
D’fhill Comórtas Féile Oriel freisin a reáchtáladh den chéad uair i 1969 ar ais in 2009 chun daichead bliain a cheiliúradh. Tá sé ar siúl gach deireadh seachtaine Saoire Bainc Bealtaine.
Áis ealaíon is ea Amharclann an Gharáiste atá suite ar Champas Oideachais Mhuineacháin. Reáchtálann sé raon leathan gníomhaíochtaí lena n-áirítear drámaíocht, ceol, rince agus scannánaíocht.
Bunaithe i 1974, tá Músaem Chontae Mhuineacháin aitheanta mar cheann de na hiarsmalanna cúige is mó le rá in Éirinn, agus bronnadh Gradam mór le rá ó Chomhairle na hEorpa i 1980. Tá sé mar aidhm aige eolas a thabhairt do chuairteoirí ar stair Chontae Mhuineacháin agus a mhuintir.
Tá club peile, Mhuineacháin Aontaithe, a bhíodh sa phríomhroinn de chuid shraith na hÉireann, lonnaithe sa bhaile.
Oideachas
cuir in eagarTá 5 Mheanscoil i Baile Múineachán agus tá 4 Bunscoil. Comh maith le seo tá Mheanscoil Gaeilge agus Bunscoil Gaeilge ann.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Muineachán Le Gaeilge (Facebook)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Muineachán/Monaghan | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Press Statement Census of Population 2022 - Summary Results Monaghan - CSO - Central Statistics Office" (en). www.cso.ie (2023-05-30). Dáta rochtana: 2025-01-15.
- ↑ "History". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2025-01-15.
- ↑ monaghan.ie/museum. "Monaghan bombing". Dáta rochtana: 2024.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |