Miotalóireacht
Is éard atá i gceist leis an miotalóireacht[1] ná teicníochtaí is eolaíochtaí eastósctha miotal ó mhianaigh, á malartú, go minic mar chóimhiotail le miotail eile, go dtí foirmeacha áisiúla, agus ag déanamh amach na gcoinníollacha is fearr lena gcumadh. Ceird ársa, ach athraíodh na modhanna traidisiúnta ó bhun sa dara cuid den 19ú céad trí cheimic, fisic is micreascópacht. Is cuid lárnach di anois na hathruithe a tharlaíonn do mhiotail le linn cumtha is cóireála, agus an cheimic is an fhisic is gá chun bac a chur ar chreimeadh. Gné thábhachtach eile is ea tástáil is iniúchadh na struchtúr éagsúil miotalach is iad i bhfeidhm.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): miotalóireacht” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-20.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Miotalóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 462.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |