Max Delbrück
Bithfhisicí a rugadh i mBeirlín ab ea Max Delbrück (4 Meán Fómhair 1906 – 9 Márta 1981). Rinne sé taighde ar ghéinitic agus struchtúr baictéar is víreas. Duine de bhunaitheoirí na bithfhisice is na bitheolaíochta móilíní.
Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1969 le Alfred Hershey is Salvador Luria.
Chuir sé faoi sna Stáit Aontaithe agus bhain sé saoránacht na tíre úd amach. In Pasadena, California a d'éag sé.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Max Delbrück". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 206.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |