Bogearraí foinse oscailte agus saor in aisce is ea Mastodon. Óstálann Mastodon líonraí sóisialta.

Bosca Sonraí EagraíochtaMastodon

SonógMasto Don Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósMastadán agus Mastodon Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálseirbhís Ghréasáin
fediverse server software (en) Aistrigh
líonra sóisialta dáilte
bogearra saor
comhphobal ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh16 Márta 2016
Úsáideann sé/síActivityPub Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Cuid decruinne chónaidhmeach Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjoinmastodon.org Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: joinmastodon X: joinmastodon Mastodon: Mastodon@mastodon.social LinkedIn: joinmastodon Youtube: UCXSPPy9mRo9tVnEwKOwo93g Patreon: mastodon GitHub: mastodon Cuir in eagar ar Wikidata
Baineann an t-alt seo leis an ngréasán sóisialta Mastodon. Tá eolas faoin gcineál mamait díothaithe le fáil ar an leathanach Mastadán.

Cé go bhfuil sé cosúil le Twitter/X ar bhealaí áirithe, ní hionann cur chuige Mastodon ar chor ar bith. Líonra sóisialta feidearálach díláraithe atá in Mastodon. 'Cearnóg' ollmhór amháin atá in Twitter, ach gréasán 'cearnóga' beaga atá in Mastodon.[1]

Tá Mastodon.ie ar cheann de na cearnóga sin, ach tá lear mór freastalaithe (nó ‘áscanna’,[2] sin an téarma oifigiúil) eile sa chruinne chónaidhmeach[3] darb ainm Mastodon: cuid acu réigiúnda, cuid acu dírithe ar réimse saoil nó ar theanga ar leith.

Is féidir le duine cuntas a chruthú ar cheann de na freastalaithe sin agus páirt a ghlacadh tríd an gcuntas sin i gcomhráite ar fhreastalaithe eile, leis.

Murab ionann is Twitter, níl algartam uilechumhachtach i gceannas ar Mastodon. Is é an t-úsáideoir agus an t-úsáideoir amháin a chuireann an amlíne i dtoll a chéile. Níl fógraí ann; ar Mastodon, breathnaítear go hamhrasach ar aon rud a mbíonn blas na fógraíochta nó na brandála pearsanta le brath air.[4] Gach rud leis an rud eile, tá an pobal níos cairdiúla i gcomparáid le Twitter.[1]

Tugtar ‘tútanna’ ar tvuíteanna ar Mastodon.

Scríobh an forbróir gréasáin, Eugen Rochko, an cód sa bhliain 2016 sa Ghearmáin.

Ó cheannaigh Elon Musk Twitter i mí Dheireadh Fómhair 2022, tá na céadta míle duine ar fud an domhain tar éis bailiú leo go Mastodon.

Gaeilge ar Mastodon.ie

cuir in eagar

Tá pobal bríomhar Gaeilge ar Mastodon.ie cheana féin. Ach tá cuid mhór de na meáin (seachas TG4), de na foilsitheoirí agus de na heagraíochtaí in easnamh.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Alex Hijmans (9 Samhain 2022). "Tá neart Gael bogtha go dtí Mastodon, mise ina measc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-09.
  2. 'instance' i mBéarla
  3. ‘fediverse’ i mBéarla
  4. Alex Hijmans (12 Samhain 2022). "Cén tairbhe a bhainfidh earnáil litríochta na Gaeilge as Mastodon?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-12.