Is eipic é Mar a Cailleadh Parthas (Béarla: Paradise Lost), scríofa ag an bhfile Sasanach John Milton. Foilsíodh ar dtús é sa mbliain 1667 ina dheich leabhar, agus tháinig an dara heagrán ina dhiaidh sin sa mbliain 1674, agus é atheagraithe ina dhá leabhar déag.

WD Bosca Sonraí LeabharMar a Cailleadh Parthas
(en) Paradise Lost Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
FotheidealA poem in ten books Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarJohn Milton Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánLondain Cuir in eagar ar Wikidata, Sasana, 1667 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1667
FoilsitheoirSamuel Simmons (en) Aistrigh
Tréith
Seánradán Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Cuid den tsraith
Cuid deIndex Librorum Prohibitorum Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: b899e890-fbcb-44bb-b7bc-fe2c2688d714 Goodreads work: 1031493 Cuir in eagar ar Wikidata

Baineann an dán leis an dearcadh Críostaí mar gheall ar bhunús an chine dhaonna, é bunaithe ar an méid a thit amach i nGairdín Éidin de réir an Bhíobla. D'aistrigh Liam Ó Rinn an chéad 350 líne den téacs go Gaolainn, agus foilsíodh sa nuachtán United Ireland é ina chodanna ón 30 Meitheamh 1934 go dtí an 1 Eanáir 1935. D'fhoilsigh Risteárd mac Annraoi na línte seo mar leabhar, in éineacht le réamhrá agus le haistí faoin scéal sa mbliain 2018.[1]

Satán, le Gustave Doré, 1886, in "Mar a Cailleadh Parthas"

Tá an dán bunaithe ar an méid a thit amach i nGairdín Éidin de réir an Bhíobla. Tá Sátan, an t-arracht deamhanta, ag ullmhú a shlóite in ifreann chun ionsaí eile a dhéanamh ar Neamh tar éis d'fhórsaí Neimhe cath a bhriseadh air an chéad uair. Airíonn sé go bhfuil Dia chun domhan nua a chruthú agus go mbeidh créatúir nua aige air.

Éalaíonn Sátan as ifreann chun an domhan nua a thaiscéaladh. Tar éis dó an dallamullóg a chur ar an aingeal Úiríéil agus é i mbréagriocht, téann sé isteach i bparthas agus aimsíonn sé Ádhamh agus Éabha ann. Cé go bhfoghlaimíonn Dia fé seo, socraíonn sé ná déanfaidh sé dada ina thaobh, óir chruthaigh sé daoine mar neacha saora, agus beidh a ghrásta acu cibé rud a tharlóidh, a fhad is go bhfuil meas acu ar dhlíthe Neimhe.

Forbraíonn Sátan a phlean i gcoinne Dé agus i gcoinne an chine daonna: tar éis dó a fhoghlaim gur chuir Dia cosc ar dhaoine toradh chrann na haithne a ithe, déanann sé iarracht Éabha a mhealladh chun é a ithe i mbrionglóid. Ach dúisíonn sé Ádhamh as a chodladh i rith na hiarrachta agus cuireann Ádhamh an ruaig air. Seolann Dia aingeal chucu ina dhiaidh sin chun rabhadh a thabhairt dóibh, agus chun iad a chur ar an eolas faoin áibhirseoir, ionas nach mbeidh aon leithscéal acu sa todhchaí.

Níos déanaí, filleann Sátan ar an áit, agus chíonn sé go bhfuil Éabha scartha ó Ádhamh agus iad ag obair in áiteanna difriúla sa ngairdín. Agus é i riocht nathrach, déanann sé iarracht cathú a chur uirthi arís agus éiríonn leis í a mhealladh chun toradh chrann na haithne a ithe. Insíonn Éabha an scéal d'Ádhamh, agus fiafraíonn sí de an n-ithfidh seisean an toradh leis. Itheann Ádhamh é as a ghrá d'Éabha. Chomh luath agus a chuirtear an scéal in iúl do Dhia, díbríonn sé as parthas iad agus cuireann sé Sátan agus a chuid compánach i riocht nathracha.

Ina dhiaidh sin, aithníonn Ádhamh a bhfuil sé tar éis a chailliúint agus titeann sé in éadóchas in éineacht le hÉabha. Seolann Dia aingeal arís chuige, chun todhchaí a shleachta suas go dtí an Díle a thaispeáint dó. Tar éis dó an t-ábhar dóchais seo a fheiscint, ligeann sé don ardaingeal Mícheál é féin agus Éabha a sheoladh amach as Gairdín Pharthais. Titeann claíomh lasrach ina ndiaidh, agus tagann na ceiribíní chun an áit, atá toirmiscthe uaidh seo amach, a chosaint.

  1. John Milton; Liam Ó Rinn a d'aistrigh, Risteárd mac Annraoi a scríobh an réamhrá (2018). "Mar a Cailleadh Parthas": VI.