Máilín domlais
Is orgán beag é an máilín domlais (Laidin: vesica biliaris nó vesica fellea) sna veirteabraigh a chuidíonn le díleáigh agus le stóráil domlais san ae. De ghnáth, is féidir leis an duine glacadh go héasca le cailleadh mháilín domlais .
Sonraí | |
---|---|
Laidin | vesica fellea agus vesica biliaris |
Cuid de | córas díleáite |
cystic artery (en) | |
cystic vein (en) | |
Aitheantóirí | |
MeSH | D005704 |
TA | A05.8.02.001 |
FMA | 7202 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.1197 |
EB Online | science/gallbladder |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Anatamaíocht an duine
cuir in eagarIs éard is máilín domlais ann ná mala matánach a suíonn díreach faoi bhun an ae. Sa dhuine fásta, bíonn an máilín domlais thart ar 8 cm ar fhad agus 4 cm ar thrastomhas nuair a bhíonn sé bolgtha go hiomlán. Bíonn sé roinnte i dtrí chuid: fundas, cabhail agus muineál. Barrchaolaíonn an muineál agus ceanglaíonn sé leis an gconair dhomlasach tríd an ducht cisteach, a nascann ansin leis an gcomhdhucht heipiteach agus déantar an comhdhucht domlais as.