Liam Ó Maonlaí

amhránaí Éireannach

Is amhránaí, ceoltóir, péintéir, scríbhneoir liricí agus aisteoir é Liam Ó Maonlaí. Saolaíodh Liam Ó Maonlaí ar an 7 Samhain 1964 i mBaile Átha Cliath, Éire.

Infotaula de personaLiam Ó Maonlaí

(2007) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Samhain 1964
60 bliana d'aois
Baile na Manach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Eoin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, amhránaí, cumadóir amhrán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1985 –
Ball de
UirlisCeol gutha

Suíomh gréasáinliamomaonlai.ie Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0641806 Musicbrainz: c94fd4a2-4e15-4240-977b-87610626fb0a Songkick: 715379 Discogs: 269546 Allmusic: mn0000272297 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sé mar bhall den bhanna ceoil na Hothouse Flowers, grúpa a bhunaigh sé lena chomhscoláire Fiachra Ó Braonáin. D’fhreastail sé Scoil Lorcáin agus Coláiste Eoin, scoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.

D'eisigh Ó Maonlaí a chéad albam aonair, dar teideal ‘Rian’, sa bhliain 2006. Rian Records a d'eisigh agus tá na hamhráin go léir as Gaeilge.

Chan Ó Maonlaí an t-amhrán ‘Cathain’ le tionlacan ceoil ó Dónal Lunny agus tá sé ar fáil ar an albam ‘The Best of Dónal Lunny.’ Scríobh an t-amhránaí Rónán Ó Snodaigh na liricí le haghaidh ‘Cathain.’

Is cainteoir Gaeilge agus Béarla é.

 
Rian
  • Avanyu Intro
  • Ár nAthair
  • Sadbh Ní Bhruinnealadh
  • An Buachaill Bán
  • Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte
  • The Old Bush
  • Iníon an Fhaoit ón nGleann
  • Seoladh na nGamhna
  • Na Connerys
  • Reels
  • Ag Críost an Síol
  • Tom Billy's Jig
  • Avanyu Intro (Reprise)
  • The Rainy Day

Creidiúna

cuir in eagar

Caroline Dale (Dordveidhlín), Liam Ó Maonlaí (Druma), Liam Ó Maonlaí (Méarchlár), Liam Ó Maonlaí (Amhránaí), Liam Ó Maonlaí (Feadóg Stáin), Liam Ó Maonlaí (Léiritheoir), Liam Ó Maonlaí (Obair Ealaíne).

Chuaigh Ó Maonlaí i mbun comhoibrithe le hAmano agus Kalabanx agus iad ag cruthú a nEP THREAD, a eisíodh in 2024.[1] Tá sé le cloisteáil ar na rianta leighis agus HEART.

Aisteoireacht

cuir in eagar
  • Timbuktu (2004) - Conor[1]
  • I Could Read the Sky (1999) - Joe[2]
  • "Saturday Night Live" - Eipeasóid #16.2 (1990) Eipeasóid Teilifíse (mar na Hothouse Flowers)[3]

Rudaí fánacha

cuir in eagar

Chan sé an t-amhrán The Parting Glass le haghaidh fuaimrian an scannán Waking Ned (1998).

Is deartháir é leis an aisteoir Colm Ó Maonlaí agus is mac é leis an aisteoir Eithne Lydon.

Naisc sheachtracha - ceol

cuir in eagar

Naisc sheachtracha - idirlín

cuir in eagar
  1. "Amano" (en). amanoanseo.com. Dáta rochtana: 2024-08-12.