Lia Fáil (Éire)
Is séadchomhartha fíorthábhachtach é an Lia Fáil[1] atá luaite go forleathan i dtéacsanna ársa. Tá ceangal ag an gcloch eibhir le gnáis oirnithe Ríthe Theamhair. De réir bhéaloideas na hÉireann, corónaítí gach ceann d’Ard-Ríthe na hÉireann ann suas go dtí Muirchertach mac Ercae sa bhliain 500.
Lia Fáil | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Stone monument (en) ![]() ![]() | |||
Cuid de | Ceithre Sheod na dTuath Dé Danann ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae na Mí, Éire ![]() | |||
Suíomh | Teamhair | |||
| ||||
Stair
cuir in eagarDeirtear gurbh iad na Tuatha Dé Danann a thóg an Lia Fáil go hÉirinn.
Bogadh é go dtí an áit ina bhfuil sé anois go luath sa naoú haois déag.
Rinneadh damáiste dó sa bhliain 2012, nuair a buaileadh le casar nó le huirlis mhaol éigin eile é.
Arís i 2014, rinneadh loitiméireacht air le péint.
An Lia Fàil in Albain
cuir in eagar
Is suaitheantas náisiúnta Albanach é “An Lia Fàil” (nó Stone of Scone).[2]
Go dtí 1950, bhí an leadhb de charraig ar taispeáint i mainistir Westminster, Sasana. Ach ghoid náisiúnaithe na hAlban é ar 24 Nollaig 1950, agus faraor, bhris na gadaithe an chloch Albanach ina dhá leath.[3]
Ar 11 Aibreán 1951 fágadh an liag i mainistir Obar Bhrothaig in Albain.[4] Bhí an chloch ar ais i Londain sa bhliain 1953 nuair a rinneadh banríon ar an Ríocht Aontaithe d'Eilís II.
Féach freisin
cuir in eagar- Teamhair
- An Lia Fáil in Albain
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Loitiméireacht a rinneadh do shéadchomhartha náisiúnta Lia Fáil á cáineadh ag an Aire Deenihan | An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta". www.chg.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-04-11.
- ↑ "Lia Fàil" (as gd) (2014-10-11). Uicipeid.
- ↑ bbc.co.uk. "An Lia Fail". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-12-24.
- ↑ Nick Aitchison. "Scotland's Stone of Destiny". www.amazon.ca. Dáta rochtana: 2020-04-11.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |