Leopold Bloom
Is é Leopold Bloom an príomhcharachtar i leabhar cáiliúil James Joyce, Ulysses. Comhlíonann sé ról Odaiséas agus é ag taisteal thart i mBaile Átha Cliath ar feadh lae. Déantar an lá seo a cheiliúradh gach bliain ar an 16 Meitheamh (an dáta a d'úsáid Joyce sa leabhar) agus tugtar Lá Bloom air in ómós don charachtar úd.
![]() ![]() | |
Cineál | duine ficseanúil carachtar liteartha ![]() |
---|---|
Cruthaithe ag | James Joyce ![]() |
Léirithe ag | Zero Mostel, Milo O'Shea agus Stephen Rea ![]() |
Comhthéacs | |
I saothar | Ulysses ![]() |
Bunaithe ar | Odaiséas ![]() |
Dáta | |
Ainm breithe | Leopold Paula Bloom ![]() |
Ainm cleite | Henry Flower ![]() |
Leasainm | Poldy agus Mackerel ![]() |
Speiceas | na Giúdaigh ![]() |
Inscne | fireann ![]() |
Slí bheatha | fógróir agus réalteolaí ![]() |
Fostóir | The Freeman’s Journal ![]() |
Airde | 69.5 in ![]() |
Meáchan | 158 lb ![]() |
Cónaithe | Baile Átha Cliath ![]() |
Breith | 1866 ![]() |
Muintir | |
Céile | Molly Bloom ![]() |
Leanaí | Milly Bloom (en) ![]() ![]() ![]() |
Eile | |
Ball de | máisiúnachas ![]() |
Beathaisnéis Fhicseanúil
cuir in eagarRugadh Bloom sa bhliain 1866. Mac le Rudolf Virág (Giúdach as Szombathely na hUngáire) a tháinig go hÉirinn, thiontaigh ina Phrotastúnach, d'athraigh a ainm go Rudolph Bloom agus chuir lámh ina bhás féin) atá ann. Ellen Higgins, Protastúnach Éireannach a mháthair. Níl sé timpeallghearrtha. Bhí cónaí orthu i Sráid Clanbrassil i bPortobello. Thiontaigh Leopold ina Chaitliceach chun Marion (Molly) Tweedy a phósadh ar an 8 Deireadh 1888. Rugadh iníon, Millicent (Milly), dóibh sa bhliain 1889; cailleadh a mac Rudolph (Rudy), a rugadh i mí na Nollag 1893, nuair nach raibh ach 11 lá slánaithe aige. Tá an teaghlach ina gcónaí i 7 Sráid Eccles i mBaile Átha Cliath.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |