Leithinis
Is achar talún í leithinis (comhfhocal bunaithe ar an dá fhocal leath agus inis) atá beagnach ina oileán. Bíonn ar a laghad trí thaobh de leithinis timpeallaithe le huisce ach bíonn ceangal talún ann i gcónaí leis an mórthír. D'fhéadfadh sé gur inis nó oileán a bhí ann tráth, ach go bhfuil ceangal talún ann anois. Bhíodh Binn Éadair ar chósta thoir na hÉireann ina oileán tráth, ach is leithinis anois í.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/5/5d/Peninsula_croatia.jpg/220px-Peninsula_croatia.jpg)
Ainmneacha eile ar Leithinis
cuir in eagar- ceann, ceann tíre, rinn agus ros.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |