Leabharlann Chathair Alastair

An leabharlann is mó anallód. I 332 RC chinn Alastar Mór a phríomhchathair a thógáil. Lean Tolamaes I é, agus thóg an chéad ollscoil bhuan inti, le Leabharlann Chathair Alastair ag a croílár. Bhí 700,000 leabhar inti faoi dheireadh, agus matamaitic, réalteolaíocht, eolaíocht, is teicneolaíocht suntasach ann. I 47 AD chuir Iúl Caesar an Leabharlann trí thine mar chuid dá chogadh ionraithe le Cléópatra. Níos déanaí, ghoid Marcas Antaine leabharlann Phéargamas in iarthuaisceart na hÁise Bige chun Leabharlann Chathair Alastair a atógáil. I 389 d'ordaigh impire Críostúil an oirthir, Teodaisias, rudaí págánacha a scrios: rinneadh amhlaidh ar chuid mhór den leabharlann, agus dhúnmharaigh an slua na scoláirí págánacha istigh inti. Tógadh an beagán leabhar a sábháileadh go Cathair Chonstaintín. I 642 ghabh na hIoslamaigh an chathair sin, agus chríochnaigh scrios na seanleabhar seachas beagán díobh, 6 imleabhar d'Arithmetica (Uimhríocht) le Diafanas ina measc. Osclaíodh leabharlann nua i 2002 a tógadh ar láthair phalás Chléopatra, agus aidhm ag na húdaráis 5-8 milliún leabhar a bheith inti faoi 2020.[1]

Leabharlann Chathair Alastair
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálLeabharlann taighde Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMúsaem Alexandria Cuir in eagar ar Wikidata
EalaíontóirTolamaes Slánaitheoir
Foirgníocht3 haois "RCh" Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte4 haois Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
48 "RCh" Destruction of the Library of Alexandria (en) Aistrigh
Tiomnaithe doMuse (en) Aistrigh
Tréith
Staid úsáidescartáilte nó scriosta
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCathair Alastair, An Éigipt Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCathair Alastair
Map
 31° 13′ N, 29° 55′ E / 31.21°N,29.91°E / 31.21; 29.91
  1. Hussey, Matt (2011). "Leabharlann Chathair Alastair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 398.