Lúitéitiam
Is é an lúitéitiam dúil uimhir a 71, agus é ar an gceann is troime de na lantanóidigh. Is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó sna foirmlí ná Lu. Miotal geal é agus é réasúnta díonta ar an gcreimeadh. Dúil thrífhiúsach é, is é sin, is é +III an staid ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn aige ina chuid comhdhúl, díreach cosúil leis na lantanóidigh eile. Tá an lúitéitiam nádúrtha comhdhéanta as dhá iseatóp: an t-iseatóp cobhsaí, lúitéitiam a 175, agus an raidiseatóp nádúrtha, lúitéitiam a 176 (2.59 % de lúitéitiam an dúlra). Tá an raidiseatóp sin chomh fadsaolach, áfach, gur féidir dearmad a dhéanamh dá radaighníomhaíocht sa ghnáthshaol.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Lúitéitiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Lu |
Uimhir adamhach | 71 |
Mais adamhach | 174.96669 agus 174.9668 |
Peiriad, Grúpa | lantanóidigh peiread 6 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1 |
Ga ianach | 0.86 agus 0.97 |
Stair | |
Aimsitheoir | Georges Urbain agus Carl Auer von Welsbach |
Fionnachtain | 1906 |
Eapainm | Lutetia |
Is dual don lúitéitiam smúid ocsaíde a fháil faoi thionchar an aeir, agus má théitear go 150 céim Celsius é, rachaidh sé trí thine le ocsaíd lúitéitiam (III), Lu2O3, a dhéanamh. Imoibreoidh sé leis na halaiginí freisin, ionas go nginfear halaiginídí: LuF3, LuCl3, LuBr3, LuI3. Tá an iaidíd donn, agus an trí halaiginíd eile bán.
Stair
cuir in eagarTriúr saineolaithe a rinne fionnachtain an lúitéitiam sa bhliain 1907 beag beann ar a chéile, mar atá, an Francach Georges Urbain, an tOstarach Carl Auer von Weisbach, agus an Meiriceánach Charles James.[1] Ceimiceoirí a bhí sa bheirt eile, agus Weisbach ina mhianreolaí. Tháinig gach duine acu ar an lúitéitiam mar thruailleán san itéirbia, is é sin, an ocsaíd itéirbiam. Ba é Urbain a bhaist an dúil nua. Lutetia an seanainm Laidine ar Pháras, príomhchathair na Fraince. Thug Weisbach, nach raibh sásta onóir na fionnachtana a ghéilleadh d'Urbain, caiseoipiam ar an lúitéitiam, agus é ag tagairt don réaltbhuíon úd Caiseoipé. Bhaineadh saineolaithe Gearmánacha úsáid éigin as an dara hainm sin go dtí na caogaidí, ach inniu, táthar sásta lúitéitiam a thabhairt ar an dúil seo.
Minicíocht gheolaíoch agus táirgeacht
cuir in eagarBíonn lúitéitiam ar fáil san áit a bhfuil na tearcithreacha eile, ach tá sé deacair é a aonrú agus a dhealú uathu. Le fírinne níor haonraíodh an miotal glan lúitéitiam ach le déanaí. Mar sin, tá sé ar ceann de na dúile is daoire amuigh. Níl an t-ór féin ach ceithre oiread chomh daor le lúitéitiam.
Úsáid
cuir in eagarNí úsáidtear mórán lúitéitiam sa teicneolaíocht, nó ní bhíonn sé praiticiúil, chomh tearc is atá sé. Is féidir, áfach, leas a bhaint as mar chatalaíoch i scoilteadh na móilíní móra sna scaglanna artola. Scéal eile fós gur miosúr ar aois na ndreigítí é an coibhneas idir lúitéitiam a 176 (máthairiseatóp) agus haifniam a 176 (iníoniseatóp).
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-10-12. Dáta rochtana: 2011-06-06.