Scaoileadh gunnaí, mar chaitheamh aimsire, foghlaeireacht, spórt, nó i gcath. Luadh an gunna den chéad uair i 1326, agus tháinig sé le bheith mar phríomharm cogaidh go tapa ina dhiaidh sin. Saothraíodh an spórt sa 15ú céad, agus bunaíodh an chéad chlub seilge i Lucerne na hEilvéise i 1466. Tá an-chuid saghas lámhaigh iomaíoch ann agus an-chuid gunnaí in úsáid, an piostal caighdeánach, an raidhfil beagchró, an raidhfil lánchró, agus an t-aerghunna ina measc. Sna comórtais scaoiltear le targaidí, iad fosaithe nó ag gluaiseacht mar a bhíonn i lámhach créphlátaí.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann le spórt é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.