Kellie Harrington
Is dornálaí í Kellie Harrington, as Rae Portland[1] i mBaile Átha Cliath.[2] Rugadh í ar 11 Nollaig 1989. Bhuaigh sí bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo sa bhliain 2021 sa rannóg éadrom-mheáchan (rannóg 60kg na mban) agus arís i bPáras in 2024, an chéad lúthchleasaí ban as Éirinn a bhuaigh bonn ag níos mó ná Cluichí Oilimpeacha amháin..[3][4][5]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Nollaig 1989 35 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Airde | 168 cm |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dornálaí |
Tír spóirt | Éire |
Spórt | dornálaíocht |
Ghlac sé/sí páirt i | |
6 Lúnasa 2024 | boxing at the 2024 Summer Olympics – women's 60 kg (en) (1) |
8 Lúnasa 2021 | boxing at the 2020 Summer Olympics – women's lightweight (en) (1) |
Gairm
cuir in eagarIn ionad Theagmháil na nÓg a rinne Kellie an Teastas Sóisearach. Ina dhiaidh sin, rinne sí cúrsa Spóirt agus Fóillíochta i gColáiste Íde i bhFionnghlas.[6]
Craobh an domhain
cuir in eagarBhuail Kellie Seesondee Sudaporn Seesondee na Téalainne i New Delhi in 2018 chun craobh an domhain a thabhairt léi.[7]
Cluichí Oilimpeacha 2021
cuir in eagarBhí an bonn cré-umha ar a laghad saothraithe ag Kellie tar éis di an ceann is fearr a fháil ar Imane Khelif na hAilgéire.
Támáilte go maith a thosaigh Kellie sa gcomhrac leathcheannais inar chloígh sí an Téalannach, Sudaporn Seesondee, ach de réir a chéile ghlac sí ceannas ar an troid agus í deas cruinn lena dorn.
Ar an 8 Iúil 2021, fuair Kellie an ceann is fearr ar an mBrasaíleach Beatriz Ferreira sa gcomhrac ceannais 60kg in Airéine Ryōgoku Kokugikan. Chaill sí an chéad bhabhta, 3-2, ach rinne sí teacht aniar chun an dá cheann eile a bhuachan.[8]
Bhí Kellie ar an tríú dornálaí as Éirinn a thug bonn óir abhaile ó na Cluichí Oilimpeacha (in éineacht le Michael Carruth, 1992, agus Katie Taylor, 2012).[9]
Cluichí Oilimpeacha 2024
cuir in eagarBhuaigh Harrington bonn óir ag Cluichí Oilimpeacha 2024 ar an 6 Lúnasa 2024. Fuair sí an ceann is fearr ar Yang Wenlu na Síne i mbabhta ceannais rannóg 60kg na mban ar chúirt Philippe‑Chatrier i staid Roland Garros. Bhí smacht ag Harrington ar chúrsaí ó thús na troda.[5]
Saol pearsanta
cuir in eagarTá Harrington i gcaidreamh le Mandy Loughlin ó 2009 tar éis casadh léi tríd an dornálaíocht[10]. Pósadh iad i mBaile Átha Cliath ar 8 Aibreán 2022.[11][12]
Sa Deireadh Fómhair 2022, d’eisigh Harrington a dírbheathaisnéis, "Kellie" a scríobhadh i gcomhar le Roddy Doyle.
Ar 2 Aibreán 2023, d’fhógair Harrington go raibh sí ag tarraingt siar óna meáin shóisialta tar éis frithfhreagairt mar thoradh ar thvuít ó GB News a bhain le hinimirce, a roinn sí agus a scriosadh díreach ina dhiaidh.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ i dtuaisceart lár na cathrach
- ↑ sa gceantar thoir thuaidh de lár na príomhchathrach
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-08-10). "Kellie Harrington fillte abhaile" (as ga).
- ↑ "An Laoch Oilimpeach Kellie Harrington ar ais ar a fód dúchais lena bonn óir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-11.
- ↑ 5.0 5.1 "Bonn óir buaite ag Kellie Harrington na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-08-06). Dáta rochtana: 2024-08-09.
- ↑ "Laoch na hÉireann Kellie Harrington ag súil le bua órga" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-08.
- ↑ "Súil ag Kellie Harrington ar bhonn airgid ach babhta crua roimpi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-08.
- ↑ "Bonn óir Oilimpeach buaite ag Kellie Harrington na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021). Dáta rochtana: 2021-08-08.
- ↑ "Kellie Harrington’s Tokyo Olympic lightweight gold makes Dublin boxer the country’s undisputed darling" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-08-08.
- ↑ "Inside Kellie Harrington's relationship with partner Mandy Loughlin" (en) (4 August 2021).
- ↑ "Kellie Harrington shares photo after tying the knot" (en) (10 April 2022). Dáta rochtana: 3 Márta 2023.
- ↑ Tanushree Bhowmick (2024-08-07). "Who Is Kellie Harrington’s Wife, Mandy Loughlin? All About 2x Olympic Medallist’s Relationship" (en). EssentiallySports. Dáta rochtana: 2024-08-09.