Kathleen Lonsdale
Criostalagrafadóir a rugadh i nDroichead Nua, Contae Chill Dara, ab ea Dame Kathleen Lonsdale (née Yardley) (28 Eanáir 1903 – 1 Aibreán 1971). An 10ú páiste a rugadh do Harry Yardley, fear a' phoist i nDroichead Nua, agus do Jessie Camer. Rinne sí taighde le William Bragg san Institiúid Ríoga i Londain. Rinne sí struchtúir don móilíní heicsimheitilbeinséin amach, ag baint feidhme as díraonach X-ghathach agus anailís Fourier. Chuir torthaí an taighde seo taca láidir faoi choincheap na bhfithiseán móilíneach sa cheimic orgánach, go hairithe le beinséin. Toghadh í ina comhalta den Chumann Ríoga sa bhliain 1945, an chéad bhean a toghadh. Fuair sí bás leis an ailse i Londain.[1]
(2009) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Kathleen Yardley 28 Eanáir 1903 Droichead Nua, Éire |
Bás | 1 Aibreán 1971 68 bliana d'aois Londain, England |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | University College London Ilford County High School (en) Woodford County High School (en) Coláiste Bedford Royal Holloway, Ollscoil Londan |
Comhairleoir dochtúireachta | William Henry Bragg |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Criostalagrafaíocht |
Gairm | ceimiceoir, innealtóir, criostalagrafaí, gníomhaí síochána |
Fostóir | University College London An Institiúid Ríoga Ollscoil Leeds |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Mike Glazer |
Suíomh a chartlainne | |
Gradam a fuarthas
|
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Kathleen Lonsdale". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 418.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |