Judith Gillespie
Is oifigeach póilíneachta sinsearach ar scor í Judith Kyle Gillespie, CBE (rugadh Samhain 1962) [1] . Bhí sí ina Leas-Príomhchonstábla ar Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann idir Meitheamh 2009 agus Márta 2014.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1962 62/63 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Cambridge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | garda |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas |
Luathshaol agus oideachas
cuir in eagarRugadh agus tógadh Gillespie i dTuaisceart Bhéal Feirste [2] agus fuair sí a cuid oideachais in Acadamh Ríoga Bhéal Feirste [3] . Sa bhliain 1992, Rinne bhain sí céim Baitsiléir Ealaíon sa bheartas poiblí agus sa riarachán amach. Chuaigh sí ar aghaidh ag staidéar le haghaidh máistreachta sa choirpeolaíocht fheidhmeach in Ollscoil Cambridge, rud a chríochnaigh sí sa bhliain 2005.[2][4]
Gairm phóilíneachta
cuir in eagarThosaigh Gillespie a gairm phóilíneachta nuair a chuaigh sí isteach i gConstáblacht Ríoga Uladh (CRU) sa bhliain 1982 mar chonstábla póilíneachta.[5] Le linn a hoiliúna tosaigh in Inis Ceithleann, bronnadh Bata na hOnóra uirthi .[4]. Roimhe sin, dhiúltaigh an CRU di liostáil mar gheall ar a hinscne.[6] Go luath ina gairmréim, bhí sí soláthar seirbhíse póilíneachta i Mórcheantar Uirbeach Bhéal Feirste..[7] Tugadh ardú céime di chun bheith ina príomhchigire sa bhliain 1997, ina ceannfort sa bhliain 1999, agus ina príomhcheannfort sa bhliain 2002. [4]
Sa bhliain 2003, d'fhreastail sí ar an gCúrsa Ceannasaíochta Straitéiseach i gColáiste Foirne na bPóilíní, Bramshill.[8] Sa bhliain 2004, ceapadh í mar ardchonstábla cúnta.[9] D'fhág sin gurb í an chéad bhean í a bhain céim an phríomhchonstábla amach i Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann.[8][5] Ar an 1 Meitheamh 2009, fuair sí ardú céime eile mar leas-phríomhchonstábla, agus í ar an dara hoifigeach póilíneachta is sinsearaí i dTuaisceart Éireann.[7][9] Bhí sí mar phríomhchonstábla gníomhach ó Lúnasa 2009 go Meán Fómhair 2009.[10] I mí an Mhárta 2011, tugadh deis di dul ar scor go luath le pacáiste téarfa de £500,000 ach, roghnaigh sí leanúint ar aghaidh lena gairm.[6] D'éirigh sí as na póilíní ar 31 Márta 2014.[9]
Bean spóirt fonnmhar, d'imir sí haca agus scuaise don CRU.[11] Sa bhliain 2013, nuair a reáchtáladh na Cluichí Domhanda Póilíneachta agus Dóiteáin i mBéal Feirste, Tuaisceart Éireann, bhí sí mar chathaoirleach ar an mbord.[12][13]
Saol pearsanta
cuir in eagarTá Gillespie pósta agus tá beirt iníonacha acu.[14]
Chuaigh sí i mbun rith tar éis bhás a deirfiúr chleamhnais bás a fháil le hailse. Chríochnaigh sí Maratóin Bhéal Feirste , Rás don Saol (Béarla: Race for Life) agus an Rith Mór Thuaidh (Béarla: Great North Run), ag bailiú airgid do Chúram Ailse Marie Curie.[11]
Onóracha
cuir in eagarSa bhliain 2009, i Liosta Gradam Lá Breithe na Banríona don tseirbhís phoiblí, ceapadh Gillespie ina Oifigeach d'Ord Impireacht na Breataine (OBE).[15] Sa bhliain 2014, tugadh ardú céime di go Ceannasaí ar Ord Impireacht na Breataine (CBE) as seirbhísí don phóilíneacht agus don phobal i dTuaisceart Éireann. I mí Iúil 2012, bhronn Ollscoil na Banríona, Béal Feirste dochtúireacht oinigh uirthi.[16]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Judith Kyle GILLESPIE - Personal Appointments”. Companies House. Dáta rochtana: 13 September 2023.
- ↑ 2.0 2.1 "I'm leaving PSNI on my own terms, insists Deputy Chief Constable Judith Gillespie". The Belfast Telegraph.
- ↑ policeserviceni.blogspot.com/2013/04/recent-visit-to-belfast-royal-academy.html
- ↑ 4.0 4.1 4.2 "Policing Board: Deputy Chief Constable appointment confirmed". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 Deireadh Fómhair 2015. Dáta rochtana: 19 Eanáir 2025.
- ↑ 5.0 5.1 "Judith Gillespie, NI's most senior policewoman, to retire".
- ↑ 6.0 6.1 "Judith Gillespie: I'll sue over vile online sex slurs says Northern Ireland's most senior woman police officer". The Belfast Telegraph.
- ↑ 7.0 7.1 "JUDITH GILLESPIE OBE" (pdf). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 Márta 2016. Dáta rochtana: 19 Eanáir 2025.
- ↑ 8.0 8.1 "First female PSNI Assistant Chief Constable appointed". Northern Ireland News.
- ↑ 9.0 9.1 9.2 "Deputy chief constable Judith Gillespie to retire".
- ↑ "Deputy Chief Constable Judith Gillespie OBE". Police Service of Northern Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 September 2010.
- ↑ 11.0 11.1 "Judith Gillespie: The ex-cop and sports boss on the run with Mary". The Belfast Telegraph.
- ↑ "WPFG 'best and friendliest ever', says president of games".
- ↑ "Board of Directors". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 July 2014.
- ↑ "I went from the Shopping Squad to Super Nintendo to first female Assistant Chief Constable; JUDITH'S HISTORIC RISE TO TOP PSNI POST.". Daily Mirror.
- ↑ Teimpléad:London Gazette
- ↑ Teimpléad:London Gazette