John Gormley
Polaiteoir Éireannach de chuid an Chomhaontais Ghlais é Seán Ó Gormlaigh[1] (a rugadh ar an 4ú lá Lúnasa 1959 i mBaile Átha Cliath). Oileadh é i gColáiste Naomh Mainchín i Luimneach, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil Freiburg sa Ghearmáin.
Chuaigh sé san iomaíocht in olltoghchán don chéad uair i 1989. Toghadh é chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i 1991 agus bhí sé mar Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath ó 1994-1995. Toghadh é chun na Dála i Meitheamh 1997.
Toghadh é ina cheannaire (mar chomharba ar Trevor Sargent) ar an 17 Iúil 2007. Bhí sé mar Chathaoirleach an pháirtí ó 2001, ach bhí air éirí as an gcúram sin de réir bhunreacht an pháirtí, nuair a rinneadh aire rialtais de i 2007.
Bhí sé mar údar ar The Green Guide for Ireland (Cló Wolfhound 1990). Tá sé pósta, agus iníon agus mac amháin aige.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Members of the Government (Cabinet Ministers) and Ministers of State - 30th Dáil as at the 24 January 2011. Curtha i gcartlann 2011-01-07 ar an Wayback Machine Suíomh oifigiúil Oireachtas Éireann.
Naisc Sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh gréasáin John Gormley Curtha i gcartlann 2007-12-14 ar an Wayback Machine
- Próifíl John Gormley ar shuíomh gréasáin an Chomhaontais Ghlais Curtha i gcartlann 2011-09-28 ar an Wayback Machine
- Stair thoghchánaíochta John Gormley
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |