Jacobus Henricus van't Hoff
ceimicí Ollannach, i measc bunaitheoirí na ceimice fisiciúla is na steiréiceimice
Ceimicí, i measc bunaitheoirí na ceimice fisiciúla is na steiréiceimice, a rugadh i Rotterdam na hOllainne ab ea Jacobus Henricus van 't Hoff (30 Lúnasa 1852 – 1 Márta 1911). Rinne sé an tairiscint go bhféadfadh nádúr neamhshiméadrach a bheith ag naisc le hadaimh carbóin. Chuir sé airíonna teirmidinimiciúla imoibrithe ceimiceacha san áireamh den chéad uair riamh. Chruthaigh sé gur athraigh an brú osmóiseach go díreach leis an dearbhtheocht. Rinne sé taighde ar fhoirmiú salann dúbailte. Bhuaigh sé an chéad Duais Nobel na Ceimice sa bhliain 1911.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Jacobus Henricus van't Hoff". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 350.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |