Ionsaí diúracán ar Horza
Ar 5 Deireadh Fómhair 2023, phléasc diúracán ollmhór a bhí scaoilte ag fórsaí Rúiseacha le Horza, sráidbhaile in oirthear na hÚcráine.[1] Bhí an eachtra seo ar cheann de na hionsaithe is mó inar maraíodh sibhialtaigh ó thús an chogaidh, Ionradh na Rúise ar an Úcráin.
| ||||
Cineál | buille diúracáin dúnmharú líonmhar coir chogaidh ionsaí sceimhlitheoireachta ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Eastern front of the Russian invasion of Ukraine (en) ![]() ![]() | |||
Dáta na bliana | 5 Deireadh Fómhair 2023 ![]() | |||
Tréimhse ama | timeline of the Russian invasion of Ukraine (October 2023) (en) ![]() ![]() | |||
Suíomh | Hroza, An Úcráin ![]() | |||
Tír | an Úcráin ![]() | |||
Líon básanna | 59 ![]() | |||
Líon gortaithe | 7 ![]() | |||
Déantóir na coire | Fórsaí Armtha na Rúise ![]() | |||
Meán cumarsáide | ||||
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/9/98/Iskander-K_TEL_Army-2022.jpg/220px-Iskander-K_TEL_Army-2022.jpg)
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/4/40/Iskander-M_ballistic_missile_with_cluster_warhead_wreckage_02.jpg/220px-Iskander-M_ballistic_missile_with_cluster_warhead_wreckage_02.jpg)
Ionsaí
cuir in eagarIs in Oblast Kharkiv atá an sráidbhaile Horza, gar don teorainn leis an Rúis agus 30 ciliméadar ó bhrollach an chatha ag an am. Bhí thart ar 300 duine ina gcónaí i Horza ag an am.
Diúracán den déanamh Iskander a scaoil na Rúisigh leis an áit. Sin diúracán balaistíoch tréanphléascach atá 7.3 méadar ar a fhad.[2]
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/a/a5/Hroza_after_missile_strike%2C_2023-10-05_%2852%29.jpg/220px-Hroza_after_missile_strike%2C_2023-10-05_%2852%29.jpg)
Pléascadh
cuir in eagarBhí 52 duine in iomlán caillte de bharr an ionsaithe. Bhí daoine tagtha le chéile le haghaidh tórraimh a bhí ar siúl i gcaife i sráidbhaile Hroza nuair a phléasc an diúracán gan aon fhógra sa tsráidbhaile.
Bhí sé séanta ag an Rúis gur dhírigh siad an t-ionsaí ar shibhialtaigh den ghnó. Comhtharlú amach is amach a bhí ann, a mhaígh an Rúis, gur sochraid saighdiúir Úcránach a bhí ann, agus go raibh cúpla saighdiúir eile ann ag an am, nó a lucht tacaíochta. Cheap daoine eile go bhfuair na Rúisigh leid faoi, agus brathadóir a bhí ann
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-06). "Ionsaí ar shibhialtaigh in Kharkiv: ardú ar líon na marbh" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-05). "51 duine maraithe de bharr ionsaí diúracáin san Úcráin" (as ga-IE).