Iompar
Tá córais iompair againn ó bhain an chéad duine feidhm as crann snámha nó ó d'iompair an chéad bhean a leanbh.
Tá trí phríomh-mhodh iompair ann, cuma más daoine nó rudaí atá i gceist: iompar ar uisce, iompar ar thalamh agus iompar san aer.
Iompar ar uisce
cuir in eagarBa iad na báid an gnáthbhealach iompair ar uisce riamh, agus iad i bhfad níos áisiúla ná aon rud eile i dtír a raibh a lán lochanna agus aibhneacha. Mar seo a bhí daoine agus earraí á n-iompar i gcuid mhór den domhan le fada an lá, go háirithe in Éirinn sular leagadh formhór na gcoillte. Tá an-tábhacht leis an bhfarraige fós i gcúrsaí uisce, mar atá i gcónaí le haibhneacha móra an domhain, cé gur baol dóibh siúd an ganntanas uisce a leanfaidh téamh na haeráide. Ba mhór an áis na haibhneacha i dtús Ré na Tionsclaíochta, nuair nach raibh bóithre iarainn ann ná bóithre maithe d’aon sórt eile go minic.
Ar feadh na n-aoiseanna cumadh an iliomad soitheach, idir bháid agus longa, chun imeacht ar bharr an uisce, agus chomh luath leis na 17ú haois bhí triail á baint as dul faoi uisce. Cumadh na chéad fhomhuireáin chearta sa 19ú haois, agus ba é an Gael-Meiriceánach John Phillip Holland, cainteoir dúchais Gaeilge, a bhí ar tosach sna gnóthaí sin. Is le cabhlaigh agus taiscéalaithe formhór na bhfomhuireán atá anois ann.
Iompar ar thalamh
cuir in eagarMurach áiseanna iompair ní bheadh tráchtáil ná rialtas ann. Go fiú in aois an Idirlín, nuair is féidir rudaí a cheannach ó áit ar bith, caithfear iad a sheoladh chugat. Ba é cumadh an rotha an rud ba thábhachtaí ar fad i stair an iompair, cé gur féidir cultúr casta agus ardsibhialtacht féin a chothú gan rotha ar bith: féach ar tharla i Meiriceá Theas roimh theacht na Spáinneach. Rud eile a raibh gá leis ba ea deis tarraingthe – capaill, beithígh nó eile ar dtús agus ansin an t-inneall, rud a fhéadann a chuid cumhachta a fháil ó ábhar éigin nádúrtha. San 18ú haois ceapadh na chéad innill mhóra gaile agus gual acu mar bhreosla. Sa 19ú haois thosaigh tuiscint ag teacht ag daoine ar a bhféadfadh a dhéanamh leis an ola sna cúrsaí seo, agus ba ghearr nárbh fhéidir teacht gan é, go háirithe san Iarthar. Rinneadh an-dul chun cinn le húsáid an leictreachais freisin. Tá baint ag na foinsí cumhachta go léir le chéile ar shlí amháin nó ar shlí eile (an leictreachas a thiomáineann traein, mar shampla, is féidir é a ghiniúint le gual), ach anois is léir go gcaithfear foinsí nua cumhachta a aimsiú, agus a rian sin ar na gluaisteáin is déanaí.
Iompar san aer
cuir in eagarTháinig glaoch ar an mbalún mar áis thaistil agus shiamsa chomh luath leis an 18ú haois (féach na deartháireacha Montgolfier sa Fhrainc) ach níor ceapadh na chéad eitleáin go dtí deireadh an 19ú haois, a bhuíochas sin ar William Hargreaves san Astráil, na Deartháireacha Wright i Meiriceá agus eile. Tháinig an aerlong chun cinn freisin, cé gur tháinig droch-chlú uirthi mar áis iompair de bharr hidrigin, gás an-inlasta, a bheith á húsáid ag an am mar áis shnámha. Ba iad na heitleáin a rug bua, mar sin. Cumadh an chéad scairdeitleán roimh an Dara Cogadh Domhanda, agus tar éis an chogaidh tháinig sé i réim i gcúrsaí tráchtála de réir a chéile agus i gcúrsaí troda go hanluath. Ach tá easpa breosla á tuar anois de bharr laghdú an méid ola, agus cuireann na scairdeitleáin go mór leis an méid dí-ocsaíde charbónaí, gás teaschaomhnaithe, san atmaisféar. Ó am go chéile déantar trácht ar an úsáid nua a d’fhéadfaí a bhaint as na haerlonga agus iad i bhfad níos sábháilte anois, ach ní cosúil go bhfuil deireadh le réim na n-eitleán go fóill.