Is cathair i gcomhphobal féinrialaitheach na hAragóine in oirthuaisceart na Spáinne í Huesca. Tá sí mar phríomhchathair an chúige Huesca agus é mar cheann de na príomhchathracha cúige is lú sa Spáínn. Bhí 52,282 duine ina gcónaí in Huesca sa bhliain 2016. Bíonn príomhfhéile Huesca; Fiestas de San Lorenzo ar siúil ón 9ú go 15ú Lúnasa. Sa bhliain 2018 d'éirigh le SD Huesca, club sacair na Cathrach, a bheith mar an chéad foireann sacair ó Huesca sa La Liga, an 63ú foireann ag glacadh páirt i bpríomhshraith na Spáinne. Tá an staid acusan an cheann is lú i La Liga 2018-19.
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |