Heinrich Himmler
Bhí Heinrich Luitpold Himmler, a saolaíodh ar an 7 Deireadh Fómhair 1900 i München agus a chuir lámh ina bhás féin ar an 23 Bealtaine 1945 in Lüneburg, ina pholaiteoir Gearmánach i mblianta an Naitsíochais. Bhí sé i gceannas ar an SS, agus mar sin, bhí freagracht throm air as an gcuid ba mheasa de choireanna na Naitsithe, go háirithe an tUileloscadh.


Bhí Himmler an-tugtha do smaointí áiféiseacha, cosúil leis an talmhaíocht "nádúrtha" nó an staraíocht bréige faoi bhlianta glóire na dTeotanach. Cara mór ainmhithe a bhí ann chomh maith, agus é den bharúil gur rud gránna cruálach í an tsealgaireacht. San am céanna, bhí sé in ann sluamharú na mílte duine a ordú gan cor a chur de.
Go gairid roimh dheireadh an chogaidh, d'fhéach sé le síocháin a shocrú leis na Sasanaigh, agus é ag tairiscint cúpla deich míle Giúdach a shaoradh mar chuid den chomha. Níor éirigh leis na hiarrachtaí seo.
Bhí Chaim Herzog (a d'fhás suas i mBaile Átha Cliath) ann nuair a chimigh na Sasanaigh Himmler agus scríobh sé cuntas suntasach faoi,[1] Sa deireadh, thug Himmler lámh ina bhás féin le ciainíd potaisiam, sula raibh de sheans ceistiú maith a chur air.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Chaim Herzog (2019-08-16). "Living History: A Memoir" (as en). Plunkett Lake Press.