Have I Got News for You
Clár teilifíse Briotanach is ea Have I Got News for You, atá á craoladh ar an BBC ón bhliain 1990 i leith. Tráth na gceist greannmhar agus lán le h-aoir atá ann, ina phléann an duine ósta cúrsaí nuachta an lae leis an bheirt chaptaen agus aíonna na seachtaine. Is iad Ian Hislop, eagarthóir na hirise Private Eye, agus an fuirseoir Paul Merton na captaein rialta. Bhíodh Angus Deayton ann mar chathaoirleach, agus é ag cur an seó i láthair idir 1990 agus 2002, ach tugadh bata agus bóthar dó. Ó shin i leith, cuireann aoi nua an clár i láthair gach seachtain, mar shampla Jack Dee, Boris Johnson, Jeremy Clarkson, Dara Ó Briain agus Alexander Armstrong.
Seánra | panel game (en) agus greann |
---|---|
Socrú ceamara | socrú ilcheamaraí |
Cruthaitheoir | Paul Merton agus Ian Hislop |
Aisteoirí | |
Láithreoir(í) | Angus Deayton agus guest host (en) |
Cuideachta léiriúcháin | Hat Trick Productions (en) |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Bunteanga | Béarla |
Teanga | Béarla |
Bealach teilifíse | BBC Two agus BBC One |
Fad na n-eipeasóidí | 30 min |
An chéad eipeasóid | 28 Meán Fómhair 1990 |
Líon séasúr | 54 |
Líon eipeasóidí | 592 |
Liosta eipeasóidí | list of Have I Got News for You episodes (en) |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | bbc.co.uk… |
| |
Tá clú agus míchlú araon ar an gclár, a chothaíonn conspóid agus leabhal go minic.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |