Godfrey Harold Hardy
matamaiticeoir Briotanach
Matamaiticeoir a rugadh i gCranleigh Shasana ab ea Godfrey Harold Hardy (7 Feabhra 1877-1 Nollaig 1947). Rinne sé taighde bunúsach le John Littlewood (1885-1977) ar uimhirtheoiric anailíseach. Shaothraigh sé dlí Hardy-Weinberg ar ghéinitic pobail, le Wilhelm Weinberg (1862-1937) ach neamhspleách air. D'fhoilsigh sé leabhar ar a chur chuige fealsúnach, A Mathematician's Apology (Leithscéal Matamaiticeora, 1940). Ar na mic léinn ollscoile a rinne sé meantóireacht orthu bhí an matamaiticeoir Indiach Srinivasa Ramanujan.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Godfrey Harold Hardy". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 341.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |