Gleann na Claise Móire
Tugtar Gleann na Claise Móire[1] ar an trinse leanúnach geografach, thart ar 7,000 ciliméadair ar fad, a ritheann ó Ghleann Beqaa sa Liobáin, sa Mheánoirthear go dtí Mósaimbíc, sa taobh thoir theas den Aifric.[2] Tugtar ‘cliabhán na sibhialtachta’ air.[3]
Cineál | Scoiltghleann ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Mór-roinn | an Afraic ![]() | ||||
| |||||
Codanna | Monts Kundelungu Abarim (en) ![]() Mount Elgon (en) ![]() Mitumba Mountains (en) ![]() Kibara Mountains (en) ![]() Golan (fr) ![]() ![]() | ||||
Tréithe | |||||
Toisí | 4,830 (![]() | ||||
Trasnaíonn | an Eiritré, an Aetóip, Djibouti, an tSúdáin Theas, an Chéinia, Uganda, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Ruanda, an Bhurúin, an Tansáin, an Mhaláiv, Poblacht Mhósaimbíc, an tSaimbia agus an tSiombáib ![]() | ||||
Suíomh Oidhreachta Domhanda sealadach | |||||
Mount Elgon (en) [[File:Noun Project label icon 1116097 cc mirror.svg | |||||
Aitheantóir | 6734 | ||||
Baintear úsáid áirithe as an ainm i gcónaí, ach sa lá atá inniu ann meastar go bhfuil sé neamhchruinn ó thaobh na geolaíochta de, nó ní thugann sé aitheantas do na córais difriúla atá i gceist, gaolmhar is uile mar atá siad, mar shampla na córais scoilteanna agus córais na n-éasc.
Sa lá atá inniu ann, is minic a bhaintear úsáid as an téarma le tagairt a dhéanamh do Chlais na hAfraice Thoir, teorainn plátaí dibhéirseacha a shíneann ó Chumar triarach na nAfarach ó dheas ar fud oirthear na hAfraice, agus é i mbun an phróisis scoilte Phláta na hAfraice ina dhá phláta nua ar leithligh. Tugann na geolaithe go ginearálta an Pláta Núibiach agus an Pláta Somálach ar na plátaí i mbéal forbartha.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/5/5c/Graben_Afar_ASTER_20020327.jpg/220px-Graben_Afar_ASTER_20020327.jpg)
Fairsinge theoiriciúil
cuir in eagarI dtosach báire, glacadh leis gur shroich Gleann na Claise Móire ón Liobáin sa tuaisceart, go dtí Mósaimbíc sa deisceart, áit a raibh sé coibhéiseach le cheann den dá phroibhinse fhiseagrafach de chuid shléibhte na hAfraice Thoir.
Chuimsigh sé an ceantar ar a dtugaimid inniu Claochlúchán na Mara Mairbhe sa Liobáin, Scoilt na hIordáine, Scoilt na Mara Rua agus Scoilt na hAfraice Thoir.[4]
Sa lá atá inniu ann glactar leis gur gnéithe ar leithligh iad na scoilteanna seo, cé go bhfuil siad bainteach lena chéile. Cruthaíodh iad 35 milliún bliain ó shin.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, Great Rift Valley
- ↑ Merriam-Webster, Inc 편집부 (1997). "MERRIAM WEBSTER'S GEOGRAPHICAL DICTIONARY 3/E(H)": 444. Merriam-Webster. Dáta rochtana: 22 November 2012.
- ↑ Mark Moran (2024-08-05). "Seal sa Tansáin i measc na séabraí" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-08-06.
- ↑ "Ethiopia: the Bradt travel guide" (15 July 2009): 450. Bradt Travel Guides. Dáta rochtana: 22 November 2012.