An Giúdachas
Is é an Giúdachas nó an tIúdachas reiligiún na nGiúdach. Ceann de na reiligiúin aondiacha is sine ar domhan atá ann, agus ceann de na reiligiúin is sine atá á gcleachtadh fós. Tá airteagail chreidimh agus stair an Ghiúdachais ina gcroílár do bhunús na gcreideamh Ábrahamach eile, an Chríostaíocht agus Ioslam san áireamh.
![]() ![]() | |||||||||||||||
Ainmnithe in ómós | Iúdá ![]() | ||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||||||||||||
Cineál | creideamh ethnic religion (en) ![]() stíl bheatha ![]() | ||||||||||||||
Stair | |||||||||||||||
Dáta a bunaíodh | c. 5 haois "RCh": Giúdachas an Dara Teampall, an Mheaspatáim ![]() | ||||||||||||||
Bunaitheoir(í) | Abrahám ![]() | ||||||||||||||
' | an Torah | ||||||||||||||
' | an Bíobla Eabhraise | ||||||||||||||
' | An Talmud ![]() | ||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||
Limistéar oibriúcháin | domhanda ![]() | ||||||||||||||
Codanna | |||||||||||||||
|
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/4/49/Star_of_David.svg/150px-Star_of_David.svg.png)
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/b/ba/Europejews.svg/150px-Europejews.svg.png)
Níl aon údarás lárnach nó dogma comhaontach ag an nGiúdachas, ach tá roinnt prionsabal creidimh ag an reiligiún ilghnéitheach seo a choinníonn le chéile é. An ceann is tábhachtaí ná creideamh in aon Dia amháin atá uilefhiosach, uilechumhachtach, uiledhea-mhéiniúil, tarchéimnitheach, a chruthaigh an chruinne agus gach rud atá inti, agus a bhfuil baint aige fós le riaradh na cruinne seo.
De réir mar a chreidtear, b'é an Dia céanna a chruthaigh an chruinne agus a shocraigh cúnant leis na Giúdaigh agus a chuir a chuid dlíthe agus aitheanta in iúl dóibh sa Tórá.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/7/71/Menorah7a.png)
Caitheann an Giúdach fíréanta cuid mhó ama ag staidéar na ndlíthe agus na n-aitheanta seo le bheith in ann iad a urramú mar is cóir, agus litríocht iomlán - an Talmud - scríofa ag Giúdaigh léannta na n-aoiseanna a chuaigh thart leis na dlíthe seo a mhíniú do na fíréin.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |