Geodasaíocht
Brainse eolaíochta a phléann méid is cruth an Domhain, a réimse domhantarraingthe agus ionaid phointí fosaithe. I suirbhéireacht gheodasach, ní hionann is suirbhéireacht phlánach, cuirtear cuaire an Domhain san áireamh. Sainmhínítear cruth an Domhain (an gheoid) mar an bhfíor atá ingearach le treo na domhantarraingthe ag gach pointe, agus neasaíonn sé do sféaróideach oblátach, rud a mhol Newton den chéad uair mar thoradh ar bhreathnuithe cruinne réalteolaíocha.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Geodasaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 313.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |