Fatou Bensouda
Is Príomhionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta í Fatou Bensouda (a rugadh ar 31 Eanáir 1960 sa Ghaimbia).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 31 Eanáir 1961 63 bliana d'aois Banjul |
Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta | |
15 Meitheamh 2012 – 15 Meitheamh 2021 ← Luis Moreno Ocampo – Karim Ahmad Khan → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Ioslam |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Obafemi Awolowo University (en) International Maritime Law Institute (en) Scoil Dlí na Nigéire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, taidhleoir, dlíodóir |
Fostóir | na Náisiúin Aontaithe an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta |
Gradam a fuarthas |
Saol
cuir in eagarDuine de bhunadh na Gaimbia is ea Bensouda. Sa Nigéir a cuireadh oideachas ollscoile agus oiliúint ghairmiúil uirthi, in Ollscoil Ife agus Scoil Dlí na Nigéire. Tá máistreacht sa dlí muirí idirnáisiúnta agus dlí na farraige aici.
Gairm
cuir in eagarBhí Bensouda ina hArd-Aighne agus Aire Dlí agus Cirt ar an nGaimbia ó 1998 go 2000.
Ina dhiaidh sin, bhí sí ag obair mar chomhairleoir dlí le Binse Coiriúil Idirnáisiúnta maidir le Ruanda, áit a raibh sí ina Comhairleoir Dlí Sinsearach agus Ceannaire ar an Aonad um Chomhairle Dlí ó 2002 go 2004.
Sa bhliain 2004, rinneadh Leas-Ionchúisitheoir a Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta di. Tháinig Bensouda in áit Luis Moreno Ocampo mar Phríomhionchúisitheoir sa bhliain 2012.
Ina theannta sin, bhí Bensouda ina bainisteoir ginearálta ar mhórbhanc tráchtála sa Gaimbia.
Fuair Bensouda duaiseanna líonmhara as a cuid oibre ar son na síochána agus na córa tríd an dlí coiriúil idirnáisiúnta.
Bensouda agus Éire
cuir in eagarSa bhliain 2013, chas Bensouda le príomhlucht déanta dlíthe agus phlé sí an tslí is féidir le hÉirinn cabhrú leis an gCúirt chun cearta daoine agus riail an dlí a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.[2]
Pearsanta
cuir in eagarTá Bensouda póstta le Philip Bensouda, fear gnó, agus triúr clainne acu.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Fatou Bensouda". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Department of Foreign Affairs. "Tugann Príomh-Ionchúisitheoir ICC cuairt ar Éirinn - Department of Foreign Affairs" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-01-31.
- ↑ "Today With Sean O Rourke Tuesday 17 December 2013". Today with Sean O'Rourke. Dáta rochtana: 2021-01-31.