An Fál Carrach

áit lonnaithe
(Athsheolta ó Falcarragh)

Is baile atá suite sa Ghaeltacht in iarthuaisceart Dhún na nGall é an Fál Carrach[1] (nó na Croisbhealaí[2]). Tá sé suite i bParóiste Chloch Cheann Fhaola. 764 daoine a raibh cónaí orthu san Fhál Charrach sa bhliain 2016.[3]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Fál Carrach
Falcarragh (en)
An Fál Carrach (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55° 08′ 11″ N, 8° 06′ 18″ O / 55.136402°N,8.104906°W / 55.136402; -8.104906
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1416484

Tá an t-ainm 'an Fál Carrach' in úsáid ó bhí 1850 ann. Shíl O’Donavan go raibh na Crois Bhealaí róchoitianta in Éirinn agus nár lig sé do dhaoine idirdhealú a dhéanamh idir áiteanna. Baineann cainteoirí dúchais úsáid as 'na Crois Bhealaí' go fóill agus iad ag tagairt don bhaile, áfach. Bíonn 'Crossroads' le feiceáil ar léarscáileanna áirithe, rud atá bunaithe ar an leagan Gaeilge ach is é 'Robinson’s Town' a bhíonn le feiceáil ar léarscáileanna atá níos sine. Sa lá atá inniu ann, is é 'an Fál Carrach' an t-aon ainm oifigiúil atá ar an bhaile.

Aimsítear an chéad tagairt scríofa leis an bhaile i dtuarascáil a scríobh William Wilson, as Ráth Bhoth, i 1822. Stiobhard de chuid an easpaig Anglacánaigh ab ea Wilson, a bhí freagrach as deachuithe a bhailiú chun tacú leis an chléir Anglacánach. Dar lena thuairisc don easpaig, fáilte naimhdeach a fuair sé ó phobal Chloch Cheann Fhaola nuair a bhain sé an áit amach:

"According to my intention I went to Cloughineely and on Monday about 12 o’clock arrived at a place called Falcarrow in your Lordship’s See (about five miles distant from Dunfanaghy) where I then, pursuant to advertisement, proposed holding the Court as I twice before had, but was immediately on my arrival surrounded by upwards of 150 to 300 men who had assembled merely for the purpose of preventing me from holding any Court and threatened my life if I would. Their measures I was obliged to comply with."

Tugann Slater's Directory na bliana 1870 faisnéis thábhachtach dúinn fá dtaobh den Fhál Charrach agus an ceantar máguaird ag an am:

"Crossroads or Falcarragh, is a village, in the parish of Tullaghbegley, and partly of Raymunterdoney, barony of Kilmacrennan, situated on the summit of a small hill near to the coast; opposite here is the Island of Torrey, nine miles distant. The places of worship are the parish church and a Presbyterian meetinghouse. A dispensary and a school are the charitable institutions. Fairs are held on the last Thursday monthly. Population in 1861 was 231."

Taifeadadh in Slater's Directory na bliana 1881 gur mhéadaigh an daonra go dtí 258 daoine i 1871, agus go raibh eaglais Easpagach Phrotastúnach sa bhaile. Taifeadadh rann eolais i dtaobh na hoifige poist a bhí suite ar an chroisbhealach chomh maith. Thomas Browne a bhí mar phostmháistreach ag an am, agus dar leis an Directory, 'tugtaí na litreacha ó achan áit isteach ag a deich i ndiaidh a haon déag ar maidin, agus seoltaí amach iad ag a haon a chlog ar tráthnóna'.

Áiseanna nádurtha an cheantair

cuir in eagar
 
Cláir surfála ar Thráigh Dhroim na Tineadh

Tá tráigh Dhroim na Tineadh suite cúpla ciliméadar ar shiúl ón bhaile. Tráigh mhaith fá choinne súrfála atá inti.

Sa bhliain 2019, ceadaíodh 14 iarratas chun feirmeacha oisrí a thógáil i mBáigh Bhaile an Easa, atá suite taobh thiar den bhaile. Bhí na hiarratais ina n-ábhar conspóide sa cheantar: tháinig níos mó ná 700 daoine go dtí cruinniú poiblí de chuid Chóiste Sábháil Báigh Bhaile an Easa, an príomhghrúpa feachtais in aghaidh na forbairte, agus shínigh breis is 5,000 daoine an achainí dá gcuid in éadan na forbairte.[4]

Tábla daonra

cuir in eagar

Déantar cur síos ar athrú an daonra sna blianta anuas sa tábla seo:[3][5]

Bliain Daonra Athrú Athrú, %
2006 842 - -
2011 860 +18 +2.1%
2016 764 -96 -11.2%

Daoine suntasachta

cuir in eagar
  • Rugadh Eithne Ní Cumhaill, duine mór i gCumann na mBan, i gCill Ulta, baile fearainn atá suite díreach taobh thiar den Fhál Charrach
  • D'fhás an filí Ciarán Berry (en) aníos san Fhál Charrach[6]
  • Chaith Hugh McFadden (en), filí, léirmheastóir liteartha agus iriseoir, cuid dá óige san Fhál Charrach

Gailearaí

cuir in eagar
  1. An Fál Carrach/Falcarragh | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-12-01. Dáta rochtana: 2008-09-23.
  3. 3.0 3.1 An Phríomh-Oifig Staidrimh (2017). "Fíor Athrú agus Athrú Céatadáin sa Daonra ó 2011 go 2016 de réir Liosta Bailte in Ord Aibítre, Bliain Daonáirimh agus Staitistic". Dáta rochtana: 31-01-2018.
  4. Nuacht RTÉ (2019). "14 as 18 iarratas ar fheirmeacha oisrí ceadaithe i nDún na nGall" (Gaeilge). Dáta rochtana: 2023-05-21.
  5. An Phríomh-Oifig Staidrimh (2012). "Census 2011 - Population Classified by Area (ln. 53)" (Béarla). Dáta rochtana: 2018-11-07.
  6. "Donegal poet takes US literary prize". www.donegaldemocrat.ie. Dáta rochtana: 2019-11-01.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar