Féile Mhuire gan Smál
Is ar an 8ú de mhí na Nollag atá Féile Mhuire gan Smál (nó Féile Ghiniúint gan Smál na Maighdine Muire). De réir sin, rugadh an Mhaighdean Mhuire gan pheaca. agus spáráladh Muire ó mhallacht Ádhaimh[1].
Cineál | saoire phoiblí lá féile Críostaí Sollúntas point in time with respect to recurrent timeframe (en) | ||
---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Féile Mhuire gan Smál | ||
Comóireann sé | Féile Mhuire gan Smál | ||
Cuid de | Aidbhint | ||
Lá | 8 Nollaig | ||
Reiligiún | Caitliceachas | ||
Diagacht
cuir in eagarTugann Críostaithe onóir do Mhuire toisc gurb í máthair Íosa í
Cruthaíodh Muire saor ó pheaca ar bith, ón gcéad nóiméad dá marthain. Ciallaímid leis an Deastógáil gur tugadh Muire isteach I nglóir na bhflaitheas idir chorp agus anam tar éis a báis[2].
Stair
cuir in eagarD´fhógair an Pápa Pius IX an Ghiniúint gan Smál mar dhogma i 1854.
Dúirt an Mhaighdean Ghlórmhar le Naomh Bernadette (Bernarde Soubirous) ar an 25 Márta 1858, ‘Is Mise An Ghiniúint Gan Smál’.
Sa bhliain 1898, rinne an Naomh Barney Solanus Casey nóibhéine mar ullmhúchán d’fhéile Ghiniúint Gan Smál na Maighdine[3]. Le cead a oide faoistine, ghlac Barney móid phríobháideach gheanmnaíochta. Tar éis dó an mhóid a ghlacadh, chuaigh Barney ar a ghlúine ag paidreoireacht agus bhraith sé go daingean go raibh an Mhaighdean Mhuire taobh leis agus dúirt sé leis “Téigh go Detroit”.