Taispeántas an Eolaí Óig

(Athsheolta ó Eolaí Óg na Bliana)

Is taispeántas agus comórtas bliantúil é Eolaí Óg na Bliana do dhaltaí scoile a bhfuil spéis san eolaíocht acu.[1][2] Ón mbliain 1965, bíonn Taispeántas an Eolaí Óig ar siúl in Éirinn, chun deis a thabhairt do scoláirí iar-bhunscoile na tíre na smaointe agus na tionscnaimh eolaíochta agus teicneolaíochta a léiriú don phobal.[3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTaispeántas an Eolaí Óig
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 19′ 40″ N, 6° 13′ 44″ O / 53.32765°N,6.22892°W / 53.32765; -6.22892
Cineálcomórtas daltaí Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1965 - 
Eatramh imeacht1 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Tom Burke (en) Aistrigh agus Tony Scott (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhRoyal Dublin Society showground, Éire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
MoltóirBT Ireland Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbtyoungscientist.com Cuir in eagar ar Wikidata

Bíonn an comórtas ar siúl gach bliain san RDS (Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath) i mBaile Átha Cliath, díreach tar éis laethanta saoire na Nollag.

Breis is 500 tionscnamh atá ar taispeáint san RDS go hiondúil. Tá an comórtas ar an bhfód le hos cionn leathchéad bliain.[4] Tá cáil ar an taispeántas mar cheann de na hardáin is fearr le daoine óga cumasacha a spreagadh agus dúil acu san eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic.[5]

Faigheann an buaiteoir corn, €5000 agus turas chuig ionad eolaíochta.[6] Tá deis ag an té a thugann an phríomhdhuais leo páirt a ghlacadh i gcomórtas Eolaí Óg an Aontais Eorpaigh freisin.

An taispeántas agus an Ghaeilge

cuir in eagar

Tá duais speisialta ann, a ndéanann Foras na Gaeilge urraíocht air, don tionscnamh is fearr i nGaeilge.

De réir Tuairisc.ie,[7] sa bhliain 2015, bhí tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí scoileanna lán-Ghaeilge mí-shásta faoin gcóras moltóireachta a bhí i bhfeidhm ag Taispeántas an Eolaí Óig ag an am. Bíonn roinnt mhaith scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta i láthair ag an gcomórtas eolaíochta gach uile bhliain. Thug múinteoirí eolaíochta agus tuismitheoirí le fios do Tuairisc.ie nach raibh siad sásta go mbíonn ar dhaltaí a dhéanann tionscnaimh i nGaeilge a gcuid oibre a mhíniú uaireanta i mBéarla do mholtóirí an chomórtais. Ní bhíonn an fhoirm iarratais i nGaeilge, ach i mBéarla amháin.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "BT Young Scientist & Technology Exhibition" (en-GB). Dáta rochtana: 2025-01-13.
  2. i mBéarla, BT Young Scientist and Technology Exhibition Ireland
  3. ELeathanach 485, 13 Eanáir 2025
  4. Nuacht RTÉ (2015-01-09). "Eolaí Óg na Bliana le fógairt tráthnóna" (as ga-IE). 
  5. "Mol an óige agus tiocfaidh sí - Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2025-01-13.
  6. Eleathanach, 17 Eanáir 2016
  7. "Míshastácht le heaspa moltóirí le Gaeilge ag Eolaí Óg BT" (ga-IE). Tuairisc.ie (2015-01-13). Dáta rochtana: 2025-01-13.