Edmond Halley
Réalteolaí, geoifisiceoir, matamaiticeoir, meitéareolaí agus fisiceoir Sasanach ba ea Edmond Halley (8 Samhain, 1656 – 14 Eanáir, 1742).
Rugadh Halley in Haggerston, Shoreditch, Sasana. Bhí a athair siúd ina choire gallúnaí saibhir.
Thaispeáin Halley óg an-suim sa mhatamaitic. D'fhoilsigh sé páipéir ar an ghrianchóras agus ar ghrianspotaí, agus é fós ina fhochéimí.
Tar éis dó Oxford a fhágáil, ó 1676 rinne sé staidéar ar fhithisí sa Ghrianchóras, agus fuair amach go raibh fithisí éilipseacha ag cuid de na cóiméid.
Sa bhliain 1676, thug Halley cuairt ar San Héilin, oileán atá suite san Atlantach Theas, agus rinne sé staidéar ar na réaltaí sa Leathsféar Theas.
Ón taighde seo, d'fhoilsigh sé Synopsis Astronomia Cometicae sa bhliain 1705, agus réamhinis sé go cruinn filleadh an chóiméid a ainmníodh as[1].
Tuilleadh eolais
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim, 2011)
Is síol faoi Shasana é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |