Cineál ainmhí beag feoiliteach í an easóg[1] (Mustela herminea).[2] Ainmneacha Gaeilge eile iad eas, beainín uasal agus cailín uasal. Tá an mamach atá dúchasach don Eoraip, an Áise is Meiriceá Thuaidh.[3]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoEasóg
Mustela erminea Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Tréimhse iompair9.5 míosa Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhfhoinse biacoinín Cuir in eagar ar Wikidata
Is foinse é an tacsón seo demionvéir agus eirmín Cuir in eagar ar Wikidata
Ionchas saoil5 bliain
Tréimhse saoil is faide12.5 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Gnáthógcaschoill agus foraois Cuir in eagar ar Wikidata
Airde0.2475 m Cuir in eagar ar Wikidata
Mais0.219 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál6 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN29674 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeMammalia
OrdCarnivora
FineMustelidae
GéineasMustela
SpeiceasMustela erminea Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Léarscáil de raon an tacsóin
lang= Cuir in eagar ar Wikidata
Ceantair eindéimeacha
Eaasóg agus coinín i Suffolk

Bíonn an easóg donn, ach i dtíortha ina mbíonn sé ag síobadh sneachta sa gheimhreadh, iompaíonn an easóg bán le nach n-aithneofaí thar an sneachta í.[4]

- Sa samhradh bíonn sí cosúil le bláthnaid mhór, suas le 50 cm ar fhad le barr dubh ar an eireaball.

- Sa gheimhreadh, an fionnadh bán (eirmín) le barr dubh ar an eireaball.

Bíonn na heasóga amuigh istoíche nó le creapascal an lae. Uaireanta, d'fheicfeá ceann acu de lá freisin.[5]

In Éirinn, itheann an easóg coiníní den chuid is mó. Maraíonn an easóg feithidí, coiníní, creimirí cosúil le luchóga agus francaigh, éanacha, agus uaireanta, éisc.[2] Tá an easóg in ann ainmhithe is mó ná í féin a mharú. Nuair is féidir léi níos mó ainmhithe a mharú ná a ithe, cuireann sí an farasbarr acu i dtaisce le haghaidh na coise tinne.

 
easóg mharbh i gCumbria

Tugann an easóg an-aire dá chríoch féin, agus í ag cur ruaigeadh ar na heasóga eile den ghnéas chéanna a chastar uirthi taobh istigh dá raon. Bíonn níos mó ná aon phluais aici taobh istigh dá raon, agus is minic a bhaineann sí úsáid as pluaiseanna na n-ainmhithe a mharaíonn sí. Cé go bhfuil an easóg chomh beag is atá, tá an baineannach an-fhada ag iompar clainne, mar atá, aon mhí déag. Luíonn sé le réasún nach féidir leis an easóg ach aon ál amháin a bhreith in aghaidh na bliana.[6]

Bíonn na heasóga le fáil sna réigiúin mheasartha, fho-Artacha agus Artacha san Eoraip, san Áise agus i Meiriceá Thuaidh. Áitríonn an easóg coillearnach is tundra an chuid is mó. Tugadh roinnt acu go dtí an Nua-Shéalainn freisin le srianta a chur leis na coiníní a bhí ag rith damhsa ar fud na n-oileán.[7]

 
Mustela erminea hibernica

Easóg Éireannach

cuir in eagar

Fospeiceas den Easóg Eoráiseach Mustela erminea is ea an Easóg Éireannach Mustela erminea hibernica a bhfuil saintréithe ar leith ag baint léi. Cuir i gcás, murab ionann agus an ceann Eoráiseach, ní iompaíonn sí geal sa gheimhreadh.[8]

Tá an Easóg Éireannach sa tír seo le 12,500 bliain ach deir eolaithe gur beag eolas barántúil atá acu uirthi i ndáiríre. Tá an Easóg Éireannach an-neamhchoitianta anois, ámh, agus tá sí ar cheann de na mamaigh is mó atá i mbaol in Éirinn. Ní minic a fheictear í agus ní fhágann sí mórán de lorg ina diaidh. Ina cheann sin, is léir go bhfuil sí chomh glic leis an sionnach ; seachnaíonn sí na gnáthmhodhanna monatóireachta a mbaineann eolaithe mamach leas astu.

Sa bhliain 2025, thosaigh taighdeoirí (an tIontaobhas Fiadhúlra Vincent, an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta, Ollscoil na Gaillimhe agus an tIonad do Shonraí agus Taifeadadh Comhshaoil sa Tuaisceart) ag iarraidh ar dhaoine tuairisc a sheoladh chucu má fheiceann siad Easóg Éireannach in áit ar bith sa tír, bíodh sí beo nó marbh.[8]

 
Mustela erminea

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, stoat nó  Eurasian ermine; ““Mustela erminea” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. 2.0 2.1 Harris, Stephen, 1950- Yalden, D. W. (Yalden, Derek William), 1940- (2008). "Mammals of the British isles : handbook". The Mammal Society. OCLC 489547862. 
  3. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolasi" Coiscéim. 
  4. V. G. Geptner; A. A. Nasimovich, A. G. Bannikov, Robert S. Hoffmann (1989-<c2002>). "Mammals of the Soviet Union". Leiden: Brill. OCLC 17953816. 
  5. "Stoat and weasel" (en). NatureScot. Dáta rochtana: 2022-10-20.
  6. King, C. M. (Carolyn M.) (2007). "The natural history of weasels and stoats : ecology, behavior, and management". Oxford University Press. OCLC 62089933. 
  7. King, C. M. (Carolyn M.) (1984). "Immigrant killers : introduced predators and the conservation of birds in New Zealand". Oxford University Press. OCLC 12628226. 
  8. 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2025-01-07). "Eolas faoin Easóg Éireannach á lorg ag taighdeoirí" (as ga-IE).