Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta
Eagraíocht idirnáisiúnta is ea an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE)[1] a gcuimsíonn a ballraíocht don chuid is mó na tíortha is forbartha ó thaobh eacnamaíochta ar domhan (OECD nó Organisation for Economic Cooperation and Development).[2]
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/8/85/Ch%C3%A2teau_de_la_Muette%2C_Paris_20_March_2019_004.jpg/220px-Ch%C3%A2teau_de_la_Muette%2C_Paris_20_March_2019_004.jpg)
Soláthraíonn an OECD fóram rialta d'airí airgeadais agus trádála na rialtas éagsúil chun ceisteanna eacnamaíochta a fhearann ar a leasanna frithpháirteacha a phlé, go háirithe maidir le fás eacnamaíoch agus trádáil idirnáisiúnta a chur chun cinn, agus comhordaíonn sé soláthar Cúnaimh Eacnamúil do thíortha tearcfhorbartha.
Is príomhfhoinse sonraí eacnamúla idirnáisiúnta é an OECD agus tiomsaíonn agus foilsíonn sé staitisticí caighdeánaithe idirthíre go rialta.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "OECD.org - OECD". www.oecd.org. Dáta rochtana: 2020-05-16.
- ↑ ""an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-05-16.