An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte
Gníomhaireacht a bunaíodh taobh istigh de na Náisiúin Aontaithe i 1948 chun comhoibriú idirnáisiúnta i bhfeabhsú shláinte na ndaoine a chur chun cinn is ea an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (World Health Organization nó WHO).[1]
Ról
cuir in eagarPléann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte le ceisteanna cosúil le smacht a chur ar eipidéimí tógálacha, vacsaíniú is cláir eile, sláintíocht, soláthairtí uisce is bia, srl. D'éirigh léi deireadh a chur leis an mbolgach.
Feidhmíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte mar áras imréitithe i leith eolais ar théamaí cosúil le drugaí, baoil núicléacha, agus taighde ar ailse.
Eagraíocht
cuir in eagarTá timpeall 190 tír mar bhaill ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Tá a príomhoifig sa Ghinéiv.
Stair
cuir in eagarD'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar 9 Nollaig 1979 go raibh an bholgach díothaithe.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-14.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eagraíocht Dhomhanda Sláinte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 231.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |