Dreoilín
Éan beag ceoil atá sa dá leathsféar den domhan, ach clanna éagsúla sa dá cheann, is ea an dreoilín.
Troglodytes troglodytes ![]() | |
---|---|
![]() Troglodytes troglodytes troglodytes ![]() | |
Taifead | |
Sonraí | |
Réise sciathán | 15 cm ![]() |
Meánlíon in ál | 6.3 ![]() |
Stádas caomhnaithe | |
![]() | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 103883277 ![]() |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Troglodytidae |
Géineas | Troglodytes |
Speiceas | Troglodytes troglodytes ![]() (Linnaeus, 1758) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Motacilla troglodytes ![]() |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
![]() ![]() |
- Baineann an t-alt seo leis an speiceas coitianta Troglodytes troglodytes; má tá suim agat in éin eile a dtugtar “dreoilín” orthu, féach Dreoilín (fine).
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/7/7a/Cuculus_canorus_canorus_MHNT.ZOO.2010.11.149.17.jpg/220px-Cuculus_canorus_canorus_MHNT.ZOO.2010.11.149.17.jpg)
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/a/ae/Troglodytes_troglodytes_troglodytes_MHNT.ZOO.2010.11.183.17.jpg/220px-Troglodytes_troglodytes_troglodytes_MHNT.ZOO.2010.11.183.17.jpg)
Tréithe
cuir in eagarAn-fhlúirseach i Meiriceá teochreasach. A chlúmh donn nó scothdhearg in uachtar, agus bán, liath nó donnbhuí in íochtar. Patrún gleoite rialta ar a sciatháin is an dá thaobh dá bholg. Gob fada air, is a eireaball in airde. Itheann sé feithidí is damháin alla. Déanann an fireannach an-chuid ceoil, tríleach ard thar cheol aon éin eile. Déanann sé nead i gcruth sféar agus poll sa taobh mar bhealach isteach is amach, as caonach is féar, le cleití mar líneáil. Tógann sé dhá ál sa bhliain.
In Éirinn
cuir in eagarIs é an dara éan is lú in Éirinn, ach “rí na n-éan”.[1]
In Éirinn, tugtar Lá an Dreoilín ar an 26 Nollaig, nó Lá Fhéile Stiofáin, is é sin fiach an dreoilín. Tá sé de nós ag lucht an dreoilín - agus / nó ná cleamairí - dul amach ag fiach chun an dreoilín bocht a mharú Lá Fhéile Stiofáin.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dreoilín". Fréamh an Eolais. Coiscéim.
- ↑ Caoimhín Ó Cadhla (2024-12-21). "Lá an Dreoilín – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-12-22.