Denis Diderot
Ba fhealsamh Francach, léirmheastóir ealaíne, agus scríbhneoir é Denis Diderot (5 Deireadh Fómhair, 1713- 31 Iúil, 1784). Bhí sé ina phearsa shuntasach le linn Ré na hEagnaíochta.
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/5/55/Pens%C3%A9es_sur_l%E2%80%99interpr%C3%A9tation_de_la_nature.png/122px-Pens%C3%A9es_sur_l%E2%80%99interpr%C3%A9tation_de_la_nature.png)
Tá sé aithnidiúil toisc go raibh sé ina chomh-bhunaitheoir agus chomheagarthóir ar an Encyclopédie, nó an chiclipéid chórasach ar na heolaíochtaí, na healaíona, agus ceardaíocht, foilseachán bunúsach d'Aois na Tuisceana san 18ú céad sa bhFrainc.
Ba é Jean le Rond d'Alembert an príomhchomhoibritheoir le Denis Diderot i 1751-8 ar an Encyclopédie ar foilsíodh 36 imleabhar de faoi 1776,
![](http://up.wiki.x.io/wikipedia/commons/thumb/2/20/ENC_5-0635_extrait.jpg/220px-ENC_5-0635_extrait.jpg)
Chuidigh Diderot freisin le litríocht, go háirithe le Jacques le fataliste et son maitre (Gaeilge: Jacques an cinniúnaí agus a mháistir), a rinne aithris ar Laurence Sterne ag tabhairt faoi choinbhinsiúin maidir le húrscéalta agus a struchtúr agus a n-ábhar, agus ag scrúdú smaointe fealsúnachta chomh maith faoi shaorthoil.