Dara Cogadh na mBórach
B'é Dara Cogadh na mBórach (nó an Dara Cogadh Angla-Bórach[1]) an cogadh a chuir an Bhreatain Mhór ar na Bóraigh, ó 11 Deireadh Fómhair 1899 go dtí an 31 Bealtaine 1902.[2]
stair mhíleata na hAfraice Theas | |
---|---|
Cineál | cogadh |
Dáta | 11 Deireadh Fómhair 1899 (Iúlach) – 31 Bealtaine 1902 |
Áit | an Afraic Theas |
Rannpháirtithe | Impireacht na Breataine, An Saorstát Oráisteach, Poblacht na hAfraice Theas, Robert Gascoyne-Cecil, Joseph Chamberlain, Alfred Milner, Frederick Roberts, Redvers Buller, Paul Kruger, Louis Botha, Schalk Willem Burger, Koos de la Rey, Martinus Theunis Steyn, Christiaan de Wet, Piet Cronjé, Piet Joubert, Ceanada, an Réimeas Briotanach, Coilíneacht na Nua-Shéalainne, an Astráil agus An tSiolóin Bhriotanach |
Bhí dhá phoblacht neamhspleách ag na Bóraigh, mar atá, an Saorstát Oráisteach agus Poblacht Transvaal (Poblacht na hAfraice Theas) a bhí mar naimhde ag an Impireacht Bhriotanach. Bhí Paul Kruger ina uachtarán ar an Transvaal ag an am, ceann de na ceantair a bhí ag iarraidh deireadh a chur le ceannas na Breataine ansiúd.[3]
Cuireadh deireadh leis an gcogadh sa bhliain 1902. I ndiaidh cath fada faidréiseach a chur ar na Sasanaigh, chaill na poblachtaí seo an cogadh, agus rinneadh cuid den Impireacht díobh.
Ba le linn an Dara Cogadh Angla-Bórach a throid Arm na Breataine an cath ba mhó ó aimsir an Chogaidh Chriméigh sna 1850idí, Cath Colenso sa bhliain 1899 agus Éireannaigh go leor ar an dá thaobh.[4]
Cúlra an Chogaidh
cuir in eagarNuair a rinne an Bhreatain leathnú isteach i ndeisceart na hAfraice bhí aighneas idir iad agus na Bóraigh. Tháinig na Bóraigh ón Ollainn san 17ú Céad agus bhí coilíneacht acu ag an Rinn i ndeisceart na hAfraice. Fuair an Bhreatain smacht ar an Rinn le linn chogaí Napoleon agus thosaigh aighneas idir iad agus na Bóraigh.
Bhí sclábhaithe ag na Boraigh agus dúirt an Bhreatain go gcaithfidís iad a shaoradh. Dhiúltaigh na Bóraigh; d’aistrigh siad ó thuaidh agus bhunaigh siad an Transvaal agus an Orange Free State.
Ghlac an Bhreatain le neamhspleáchas an dá stát seo faoi 1850. Nuair a fuarthas ór agus diamaint sa Transvaal in 1886 mheall sé mórán daoine eile isteach sa réigiún.
Tháinig Cecil Rhodes, a bhunaigh an British South African Company in 1887. Fuair an comhlacht réigiún mór ar tugadh Rhodesia air níos déanaí. In 1890 ceapadh Rhodes mar Phríomh-Aire ar an Rinn. Theastaigh uaidh tionchar na Breataine a leathnú ó thuaidh.
Bhí an Transvaal sa tslí air. Thosaigh níos mó eachtrannach ag teacht isteach go dtí an Transvaal ar thóir an óir. Glaodh Uitlanders ar na daoine seo, nó na strainséirí, mar a thugadh na Bóraigh orthu ina dteanga féin.
Nuair a thángthas ar ór sa Transvaal, thonn na mílte de Shasanaigh isteach thar an teorainn ó Choilíneacht na Rinne. D'fhás cathair Johannesburg as an talamh thar oíche, agus na huitlanders ag socrú síos in aice le foinsí an óir.
I ndiaidh tamaill, fuair na Bóraigh iad féin ina mionlach i gcroílár a bpoblachta féin. Ní raibh siad sásta leis an bhforbairt seo, agus le deachú na lonnaitheoireachta a ghearradh de na huitlanders, d'éiligh siad cánacha arda ar thionsclaíocht an óir. Ní thabharfadh Paul Kruger, Uachtarán an Transvaal cearta vótála dóibh ach an oiread.[5] Mar sin, thosaigh na huitlanders ag lorg cabhrach ón rialtas Briotanach, agus iad den tuairim gur chóir Poblacht Transvaal a chur de dhroim an tsaoil.
Sa bhliain 1895/1896, bhain Cecil Rhodes triail as, agus é ag maoiniú coup d'état i bPoblacht na hAfraice Theas (an Transvaal), nó Ruathar Jameson. Theip ar an iarracht seo, áfach.
Ghlac na Bóraigh leis an iarracht sin - "Ruathar Jameson", ainmnithe as Leander Starr Jameson[6] - mar thús le cogadh. Thosaigh Paul Kruger agus Martinus Theunis Steyn ag déanamh téisclime don chogadh sin, nó i dtús na bliana 1896, d'ordaigh siad raidhfilí Mauser ón nGearmáin le haghaidh a n-airm.
Chuaigh an caidreamh idir na Bóraigh faoi Kruger agus na Briotanaigh sa Rinn in olcas i ndiaidh ionradh Jameson. Bhí Impireacht na Breataine go léir ag dul chun cogúlachta, agus ceannairí na gcoilíneachtaí go léir ag éileamh go nascghabhfaí na poblachtaí neamhspleácha Bóracha.
Tús an Chogaidh
cuir in eagarChuaigh Gobharnóir Choilíneacht na Rinne, Sior Alfred Milner, i ndáil chomhairle leis an mbeirt Uachtarán Bórach i mBloemfontein i ndeireadh Mhí Bealtaine 1899. Bhí Paul Kruger sásta a lán a ghéilleadh do na Sasanaigh leis an gcogadh a sheachaint, ach ní raibh gar ann. Tháinig deireadh leis na comhchainteanna go gasta.
I mí Mheán Fómhair 1899, chuir Joseph Chamberlain, Rúnaí Coilíneach na Breataine Móire (is é sin, an t-aire rialtais a bhí freagrach as cúrsaí na gcoilíneachtaí) fógra deiridh chuig na hUachtaráin ag éileamh cearta iomlána saoránachta do na Briotanaigh i bPoblacht Transvaal.
Tuigeadh do Kruger nach seachnófaí an cogadh a thuilleadh. Thug sé an foláireamh deiridh do Chamberlain ina ndúirt sé go mbeadh dhá lá ag an mBreatain Mhór a cuid trúpaí a tharraingt siar ó theorainneacha Phoblacht Transvaal,. Mura dtarraingeodh, rachadh an dá phoblacht Bhóracha chun cogaidh.[5]
Níor ghlac na Sasanaigh an fógra deiridh seo i ndáiríre ar aon nós. Cúis gháire dóibh a bhí ann. Bhí siad inbharúla go raibh na Bóraigh ag síleadh an dúrud díobh féin, agus iad ag bagairt ar an impireacht ba mhó ar an domhan, an dá phoblacht bheaga acu. Maidir leis an bhfreagra, áfach, bhí na nuachtáin Shasanacha agus na polaiteoirí ar aon fhocal: má bhí an cogadh ag teastáil chomh géar sin ó na Bóraigh, bhuel, ní dhiúltódh an Impireacht faoina mian iad.
In 1899, d’fhógair Kruger cogadh ar na Briotanaigh. Bhí súil aige go mbeadh an bua aige sar a mbeadh breis saighdiúirí tagtha ón mBreatain. Bhí buntáiste ag na Bóraigh. Bhí eolas na háite acu agus bhí an réigiún oiriúnach do threallchogaíocht. Faoi cheannas Botha agus de Wet chuir na Bóraigh na Briotanaigh faoi léigear i mbailte Ladysmith, Mafeking agus Kimberley agus bhuadar trí chath thábhachtacha. Chuir an Bhreatain arm mór chun na hAfraice Theas - 350,000 faoi cheannas Roberts agus Kitchener. [5]
Na Bóraigh ar an ionsaí (Deireadh Fómhair go Mí na Nollag 1899)
cuir in eagarThosaigh an cogadh ar an 11 Deireadh Fómhair 1899. Ar dtús, b'iad na Bóraigh a d'ionsaigh Coilíneacht Natal agus Coilíneacht na Rinne idir Deireadh Fómhair 1899 agus Eanáir 1900. Bhí na Sasanaigh scaipthe go tanaí, agus na Bóraigh ag cúngú orthu go bagrach. Chuir siad na cathracha Mafeking agus Kimberley faoi léigear, agus ansin, d'fhág siad an chuid ba mhó de na trúpaí Sasanacha imshuite i Ladysmith. Bhí cuid mhaith sibhialtaigh fágtha sna cathracha sin, agus iad ag fulaingt go mór mór faoin mbombardú airtléire agus de cheal bia.
Cath Colenso
cuir in eagarTráth an ama seo a throid Arm na Breataine an cath ba mhó ó aimsir an Chogaidh Chriméigh sna 1850idí, Cath Colenso ar 15 Nollaig 1899. Bhí uafás ar fhormhór na náisiúnaithe in Éirinn ag an am. Dar leo, níor léirigh Rialtas na Breataine aon mheas ar na mBórach.[1][7] Chuaigh cúpla céad acu chun na hAfraice Theas chun troid in aghaidh fhórsaí na Breataine (Seán Mac Giolla Bhríde agus Art Ó Gríofa ina measc)... agus na hÉireannaigh in Arm na Breataine (an Reisimint Fiúsailéirí Ríoga Inis Ceithleann, na Connaught Rangers, na Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath,[8] agus an Border Regiment).[9]
Throid trí cinn déag de chathláin Éireannacha ann,[10] lena n-áirítear an Bhriogáid Éireannach. Cailleadh líon mór fear sa chath; maraíodh 143 agus 240 eile ar iarraidh i gcomhrac.[11][12]
Deireadh an Chogaidh
cuir in eagarFaoi 1900 bhí arm na mBórach timpeallaithe agus bhí orthu géilleadh. Briseadh léigir Ladysmith agus Mafeking agus bhí an chuma ar an scéal go raibh an cogadh thart. Ach bhris na Bóraigh suas i ngrúpaí beaga agus leanadar leis an gcogadh. Níor oir beartaíocht na mBórach - dheineadar luíochán agus ansin theitheadar -don Bhreatain.
Chuir Kitchener feirmeacha sa Transvaal trí thine agus caitheadh mná agus páistí isteach i gcampaí géibhinn. Fuair breis is 26,000 bás sna campaí seo ó ghalair agus ó easpa bia. Tógadh raic faoin scéal sa Bhreatain agus san Eoraip. Bhí ar an mBreatain síocháin a dhéanamh leis na Bóraigh ar théarmaí fabhracha i 1902.
Ghlac na Bóraigh le ceannasacht na Breataine. Fuair na Bóraigh cúiteamh £3 chun a bhfeirmeacha a atógáil. Tugadh geallúint go bhfaighidís Rialtas Dúchais gan mhoill agus nuair a tháinig na Liobrálaigh ar ais i gcumhacht i 1906 fuair an Transvaal agus an Orange Free State neamhspleáchas. Sa bhliain 1910 aontaíodh na coilíneachtaí uile chun Aontas na hAfraice Theas a chruthú.[5]
Gailearaí
cuir in eagar-
Royal Inniskilling Regiment, Léigear Ladysmith
-
Cath Rietfontein (Ladysmith) ar 24 October 1899, áit a raibh na 5th Irish Lancers
-
Cuimhneachán, Béal Feirste
-
Baile Átha Cliath - Áirse na bhFiúsailéirí, Faichne Stiabhna nó "Fusilier's Arch", a tógadh sa bhliain 1907[13]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 museum.ie. "an Dara Cogadh Angla-Bórach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-10. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Luke Diver. "IRELAND'S SOUTH AFRICAN WAR 1899–1902". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Mártan Ó Ciardha (8 Meán Fómhair 2019). "'Kruger's backside saves West Kerry' – an grá as cuimse don pheil Ghaelach i gCiarraí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-15.
- ↑ "A riot on College Green, 1899." (en). Come Here To Me! (2015-12-26). Dáta rochtana: 2021-12-15.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 cogg.ie. "Coilíneachas Eorpach, 1870 - 1914". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Leander Starr Jameson" (as en) (2024-09-11). Wikipedia.
- ↑ "Opposition to the Second Boer War" (as en) (2020-04-06). Wikipedia.
- ↑ "Royal Dublin Fusiliers" (as en) (2020-07-13). Wikipedia.
- ↑ "MacBride's Brigade in the Anglo-Boer War". History Ireland (2013-02-07). Dáta rochtana: 2021-12-15.
- ↑ Luke Diver, maynoothuniversity.ie Ph.D. (2014). "Ireland and the South African War, 1899-1902". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "MacBride's Brigade in the Anglo-Boer War". History Ireland (2013-02-07). Dáta rochtana: 2020-12-15.
- ↑ "Battle of Colenso" (as en) (2023-11-13). Wikipedia.
- ↑ "Audioguide | St Stephen's Green Park" (ga). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-18. Dáta rochtana: 2020-12-15.