Daniel Everett
Údar agus acadóir Meiriceánach is ea Daniel Leonard Everett, a rugadh ar 26 Iúil 1951 in Holtville, California. Aithnítear é as a chuid taighde ar an bpobal Pirahã sa Bhrasaíl agus ar a dteanga.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 26 Iúil 1951 73 bliana d'aois Holtville, California |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Aindiachaí |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Moody Bible Institute (en) Ollscoil Campinas |
Céim acadúil | dochtúireacht |
Comhairleoir dochtúireachta | Charlotte Chambelland Galves |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Pirahã, gramadach ghiniúnach agus athchúrsáil |
Gairm | teangeolaí, scríbhneoir, múinteoir ollscoile, misinéir |
Fostóir | Ollscoil Bentley Ollscoil Stáit Illinois Ollscoil Mhanchain Ollscoil Pittsburgh |
Teangacha | Béarla, an Spáinnis, an Phortaingéilis agus Pirahã |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Edward Albert Fletcher Gibson |
Suíomh gréasáin | daneverettbooks.com |
Déan Ealaíon agus Eolaíochta in Ollscoil Bentley in Waltham, Massachusetts atá ann ó 1 Iúil 2010 i leith. Roimhe sin, bhí sé ina chathaoirleach ar an Roinn Teangacha, Litríochtaí agus Cultúr in Ollscoil Stáit Illinois in Normal, Illinois. Bhí sé ina theagascóir freisin in Ollscoil Mhanchain i Sasana agus ina chathaoirleach ar Roinn na Teangeolaíochta in Ollscoil Pittsburgh. Tá sé pósta ar Linda Ann Everett.
Sa bhliain 2016 rinne Tom Wolfe leabhar dar theideal The Kingdom of Speech a fhoilsiú ina bpléann sé saothar ceathrar príomhphearsan i stair na heolaíochta a bhaineann leis an éabhlóid agus leis an teangeolaíocht. Is é Daniel Everett an ceathrú duine sa leabhar.[1] Tá Everett ag obair ar dhá leabhar anois, mar atá, Dark Matter of the Mind le teacht amach ag University of Chicago Press sa bhliain 2016, agus How Language Began, faoi chonradh le Liveright Publishers, le teacht amach sa bhliain 2017.
A Óige
cuir in eagarTógadh Everett in Holtville, lámh le teorainn Mheicsiceo. Chaith a athair seal ina bhuachaill bó, ina mheicneoir agus ina oibrí tógála. D'oibrigh a mháthair mar fhreastalaí i mbialainn in Holtville. Sheinn Everett uirlisí ceoil i racbhannaí ó bhí sé 11 bliain d'aois gur chuaigh sé leis an gCríostaíocht in aois a 17ú bliana, é sin i ndiaidh casadh ar bheirt misinéirí darbh ainm Al agus Sue Graham in San Diego, California. Agus é 18 bliana d'aois phós a n-iníon Keren.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ An article, The Origins of Speech, was published in Harper's Magazine, presenting in advance the content of this book.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh pearsanta Daniel Everett le fócas ar a chuid leabhar. Arna rochtain ar 27 Iúil 2016
- Curriculum vitae Daniel Everett. Arna rochtain ar 27 Iúil 2016
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |