Dómhnall Ruadh Mac an tSaoir
Rugadh Dómhnall Ruadh Mac an tSaoir (Dómhnall Ruadh mac Aonghais Ruaidh nó Dómhnall Ruadh Pháislig) ar 1 Deireadh Fómhair 1889 i Snaoiseabhal, Uibhist a Deas. De réir tuairisce, bhí cuimhne thar barr ag a mháthair Ceit agus bhí cuimhne ag Dómhnall ar a lán urnaithe agus amhrán, port agus seanfhocal, a chuala sé agus é ina bhuachaill óg. D'fhág sé an scoil in aois a cheithre bliana déag agus d'fhoghlaim sé ceird an tsaoir chloiche. Bhí sé i reisimint na gCamshrónach sa Chéad Chogadh Domhanda, agus bhí sé ina phíobaire ag Loch Iall. Chruthaigh sé go misniúil ag Cath Loos.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Deireadh Fómhair 1889 Snaoiseabhal, Scotland |
Bás | 7 Eanáir 1964 74 bliana d'aois Pàislig, Scotland |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, píobaire, saor cloiche, file |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Gaeilge na hAlban |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Queen's Own Cameron Highlanders (en) |
Coinbhleacht | Cath Loos |
Saothar | |
Saothar suntasach
|
Idir an dá chogadh dhomhanda chuaigh sé chun cónaithe i bPáislig agus d'oibrigh ann mar bhríceadóir.
Phós sé Màiri NicIllFhaolain, bean arbh as Uibhist a-Deas di. Bhí ceathrar clainne acu. Bhíodh Dòmhnall ag cumadh amhrán gan stad faoi chúrsaí an bhaile agus chúrsaí i gcéin.
Tugadh coróin do Dhòmhnall mar Bhàrd an Chomuinn Ghàidhealaich sa bhliain 1938 agus d'fhoilsigh an Scottish Gaelic Texts Society a chuid filíochta sa bhliain 1968. Tá sé curtha i bPàislig.