Geocroineolaíocht
(Athsheolta ó Dátú geolaíoch)
Is eol dúinn rátaí meatha is leathréanna na ndúl radaighníomhach, mar úráiniam nó tóiriam, chun luaidhe a tháirgeadh faoi dheireadh. Trí mhéid na ndúl seo a thomhas i sampla carraige, is féidir a rá cé chomh fada is a bhí na próisis meatha ar siúl, agus uaidh sin aois na carraige a dhíorthú. Tugtar dátú radaiméadrach ar an bpróiseas seo freisin. Ar an mbealach seo, is féidir dátaí a leagan síos do na réanna is na tréimhsí geolaíocha éagsúla.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dátú geolaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 200.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |