Cumadóireacht
Is éard is cumadóireacht ann ná an próiseas ina gcruthaítear píosa ceoil ionas gur féidir é a sheinm arís is arís eile thar na blianta, agus an píosa ceoil a chruthaítear sa phróiseas.
Déantar idirdhealú idir cumadóireacht is féidir a athsheinm agus tobchumadh nach féidir a sheinm arís. Déanann córas casta nodaireacht ceoil cinnte go bhfuil an chumadóireacht inathsheinnte de réir rún an chumadóra. In aoiseanna roimhe seo, agus fós i gcuid mhaith de cheol an oirthir, bíonn iarmhairt chriticiúil ag an traidisiún béil.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cumadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 194.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |