Sráidbhaile i ndeisceart Ard Mhacha, is ea Crois Mhic Lionnáin (Crossmaglen), ar an mbóthar idir Dún Dealgan agus An Céide. Dar le daonáireamh na bliana 2001, bhí 1,459 duine ann[1].

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCrois Mhic Lionnáin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 04′ 38″ N, 6° 36′ 32″ O / 54.0773°N,6.6088°W / 54.0773; -6.6088
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT35 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata

Meastar gur ainmníodh an baile as Eoghan Mac Lionnáin, a raibh síbín aige sa cheantar san 18ú haois.

Is i gcuimhne ar an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich, scoláire mór staire agus Gaeilge a d'éag sa bhliain 1990, a ainmníodh cearnóg an tsráidbhaile.

Bhí bunáit mhór ag Arm na Breataine agus ag an CRU (Constáblacht Ríoga Uladh) sa cheantar ar feadh na mblianta agus ní raibh fáilte ar bith rompu. Maraíodh 58 póilín agus 124 saighdiúir ar a laghad i ndeisceart Ard Mhacha le linn na dTrioblóidí, go leor díobh sin i gCrois Mhic Lionnáin féin.[2]

Bearaic Chonstáblacht Ríoga Uladh (RUC) i gCrois Mhic Lionnáin, Contae Ard Mhacha, ar an 28 Aibreán 2001. Bhí an t-ionad slándála seo á úsáid ag an gConstáblacht agus ag Arm na Breataine araon i mblianta na dTrioblóidí. Leagadh é sa bhliain 2007.

In ainneoin bunáit an airm a bheith suite beagnach sa mhullach ar a bpáirc pheile, agus na saighdiúirí a bheith ag cur isteach de shíor ar chluichí agus ar imreoirí, rinne peileadóirí na háite an-ghaisce agus bhuaigh siad Craobh Shinsear Chlubanna Peile na hÉireann sna bliana 1997, 1999, 2000 agus 2007.

Déimeagrafach

cuir in eagar

Bhí eolas de shaghas éigin ar an nGaeilge ag 23.39% don daonra. Bhí eolas ar Albainis Uladh ag 2.19% don daonra. Ní raibh Béarla an céad teanga do 1.92% de dhaonra Crois Mhic Lionnáin.

 
 

Reiligiún

cuir in eagar

Bhí 95.42% ó cúlra Caitliceach. Bhí 3.64% don daonra ó cúlra Protastúnachas nó reiligiún Críostaíocht eile.