Crimthann mac Fidaig
Rí leath-stáiriúl na Mumhan agus Ard-Rí na hÉireann den cheathrú haois ab ea Criofan Mór mac Fiodhaigh (Sean-Ghaeilge Crimthann[1] Mór mac Fidaig[2]). Threascair sé críocha sa Bhreatain agus sa Ghaill, agus d'fhéadfadh gur aithníodh é mar Rí na hAlban. De réir Céitinn, ba í Fidheang, iníon rí Connacht anaithnid, bean chéile Chriomthainn Mhóir.[3] Ní luaitear í áfach i bhfoinsí eile.
Rí rí na Mumhan | |
---|---|
Ardrí na hÉireann | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Déantar idirdhealú idir an Criofan seo agus ríthe eile den ainm céanna: beirt iar-Ard-Ríthe na hÉireann, beirt Ríthe na Laighean, agus rí na Mumhan, i measc eile. Go suntasach, tá sé ann sa Baile Chuinn Chétchathaig, agus más fíor, ba é Ard-Rí deireanach as an Mumhain go dtí Brian Bóramha, sé chéad bliain ina dhiaidh.
Ní amháin a bhfuil cur síos ar a réim ag Seathrún Céitinn agus a luaitear é in Annála na gCeithre Máistrí, tá ollról ag Criofan Mór i Scéalaíocht na Ríthe.[4] Sna scéalta úd, tháinig Níall Noígíallach i gcomharbacht air mar Ard-Rí na hÉireann, agus Conall Corc mar Rí na Mumhan; agus sinsear an Triúir Chonnacht ab ea a dheirfiúr Mongfind, céad bhean chéile Eochada Mughmheadóin. Dá bharr, is teaghlach lárnach bhíodh is aduain é seo i miotais na ríshleachta móra Gaelacha na meánaoise.
Sinsearacht
cuir in eagarBa gharmhac Dáire Cerbba é Criofan de réir go leor foinsí (m.s. Rawlinson B 502), agus sinsear Uí Liatháin agus Uí Fidgenti. Meastar scaití gur luath-dhream na nEóganacht ab ea eisean agus a dheirfiúr, dream a d'éirigh nis deireanaí imeallach nó marbh. Is amhlaidh ámh, gur dhream éagsúil iad a raibh de shliocht Dáire Cerbba, b'fhéidir na Dáirine féin, a tugann dán aduaine Sean-Ghaeilge le Flann mac Lonáin le fios,[5].
Sa Bhanseanchas, tugtar ar Mhongfionn an bua-ainm "na nÉrnai",[6] dream gaolta leis na Dáirine. Sa Leabhar Leasa Mhóir, deirtear gurbh iníon Dáire (Cerbba?) í Mongfionn, ní iníon Fhiadhaigh. Sa leabhar úd, tugtar Findchad Dáire'saor athair Dáire, agus níl Criofan Mór ann ar chor ar bith.[7]
Dind Traduí
cuir in eagarDe réir Sanas Cormaic,[8] thóg Criofan dún mór i gCorn na Breataine aitheanta mar Dind Traduí[9][10][11] Is rí-léir go raibh sé i ndáiríre ann,[12] agus tá iarrachtaí déanta ag seandálaithe agus teangeolaithe na Breataine an suíomh a aithint i gCorn nó sa Bhreatain Bheag, mar shampla ag Din Draithou,[13] atá mar a chéile ó thaobh na foghraíochta. Meastar gur Dunster an lae inniu é Din Draithou, nó b'fhéidir dionn na hIarannaoise in aice láimhe, Bat's Castle.[14] D'fhéadfadh go bhfuil sé gaolta le Dind map Letháin, dún coilíneach tógtha ag an gclann Uí Liatháin.
I bpáipear de 1926, pléann Eoin MacNeill go mion gluaiseacht chlann Uí Liatháin, ag áitiú ar son a gceannais ar ghabhála i ndeisceart Éirinn, agus ar son bhunú na ríshleachta, Brycheiniog. Is amhlaidh gurbh é Brychan, sinsear na Brycheiniog, i ndáiríre sinsear Uí Liatháin, Macc Brocc, agus i dteannta sin feictear an t-ainm Braccan i luathghinealaigh Uí Fidgenti agus Uí Dedaid, garmhuintir Uí Liatháin. Lena chois sin, ceanglaíonn MacNeill é seo go léir leis an gceannas in Éirinn agus leis an ngabháil sa Bhreatain dá gcol ceathrar, rí Criofan mac Fiadhaigh.[15]
B'fhéidir gur shliocht den dream stairiúil Attacotti (circa 368) iad Criofan Mór agus clann Uí Liatháin.
Bás
cuir in eagarThug a dheirfiúr Mongfionn nimh dó go dtaga a mic i gcoróin. Fuair sí bás féin á dhéanamh, toisc gur ól sí bolgam nimhe chun aon amhras a dearthár a mhaolú. Ar turas i gcúige Mumhan, d'oibrigh an nimh, agus d'éag sé ann.
Tógadh go gasta cairn don rí, a d'fhéadfadh a bheith i dtrí suíomhanna. Is é Gleann na gCros,[16] Droichead Abhann Ó gCearnaigh, Contae an Chláir an chéad shuíomh, aitheanta mar Chnoc Righ Crimthann, agus tá iarsmaí an chairn an fós inniu. Tá an dara suíomh i mBaile Cónan, Míleac,[17] Contae an Chláir. Chreidtí gurbh é Cónan céad ainm an rí. De réir Bhard Thuamhan, Michael Hogan, is é seo an fhíoráit,cé nach bhfaightear iarsmaí chairn ann inniu. Tá an tríú suíomh i nGleann na gCros freisin. Tá ann trí sheandacht in ailíniú thuaidh-theas: gallán, feart fáinneach, agus 'ionad seandálaíochta' mar a dtugtar air.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- eDIL: electronic Dictionary of the Irish Language
- Mumha
- Scéalaíocht na Ríthe, ar hastings.edu via archive.org
- Irish Kings
- High Kings of Ireland
- Viducasses (French)
Foinsí
cuir in eagar- Best, R.I., Osborn Bergin, M.A. O'Brien and Anne O'Sullivan (eag.). The Book of Leinster, formerly Lebar na Núachongbála. 6 iml, Baile Átha Cliath: IAL-BÁC, 1954–83. Fland mac Lonain cecinit, MS folio 150b.
- Bhreathnach, Edel (eag.), The Kingship and Landscape of Tara. Four Courts Press for The Discovery Programme. 2005, ll. 249, 250 & Historical Early Éoganachta, Tábla 9, ll. 356, 357.
- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a heagrán athbhreithnithe, 2001.
- Chadwick, Nora K. (et al.), Studies in the Early British Church. Cambridge University Press. 1958, ll. 122-3.
- Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge. 2000.
- Coogan, Tim Pat, Michael Collins: The Man Who Made Ireland. Palgrave Macmillan. 2002, ll. 5–6
- Cormac mac Cuilennáin, agus John O'Donovan (aistr.) le Whitley Stokes (eag.), Sanas Cormaic, or Cormac's Glossary. Irish Archaeological and Celtic Society. Calcutta: O.T. Cutter. 1868.
- Cross, Tom Peete agus Clark Harris Slover (eag.), "The Adventures of the Sons of Eochaid Mugmedon", in Ancient Irish Tales. Henry Holt and Company. 1936, ll. 508–13.
- Dillon, Myles, The Cycle of the Kings. Oxford. 1946; Four Courts Press. Eagrán athbhreithnithe, 1995.
- Hull, Vernan, "Conall Corc and the Corcu Loígde", in Proceedings of the Modern Languages Association of America 62 (1947), ll. 887–909.
- —, "The Exile of Conall Corc", in Proceedings of the Modern Languages Association of America 56 (1941), ll. 937–50.
- Céitinn, Seathrún, le David Comyn agus Patrick S. Dinneen (aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating. 4 iml. Londain: David Nutt for the Irish Texts Society. 1902–14, ll. 369, 371
- MacKillop, James, A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford, 1998.
- MacNeill, Eoin, The Native Place of St. Patrick, in Proceedings of the Royal Irish Academy. 1926, ll. 118–40
- Meyer, Kuno (eag. agus aistr.), "The Expulsion of the Dessi", in Y Cymmrodor 14. 1901, ll. 101-35.
- —, "The Laud Genealogies and Tribal Histories", in Zeitschrift für Celtische Philologie 8. Halle/Saale, Max Niemeyer. 1912, ll. 291–338.
- Mikhailova, Tatiana agus Natalia Nikolaeva, "The denotations of death in Goidelic: to the question of Celtic eschatological conceptions", in Zeitschrift für celtische Philologie. Volume 53, Issue 1 (2003, online 2008), ll. 93–115.
- Monaghan, Patricia, The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. New York: Facts On File. 2004.
- Morris, John (eag. agus aistr.), Nennius: British History and The Welsh Annals. Arthurian Period Sources Vol. 8. Londain, Phillimore, 1980.
- Murphy, G. (eag. agus aistr.), "On the Dates of Two Sources used in Thurneysen's Heldensage: I. Baile Chuind and the date of Cín Dromma Snechtai", in Ériu (1952): 145–151.
- Ó Corráin, Donnchadh (eag.), Genealogies from Rawlinson B 502, Coláiste na hOllscoile University College, Corcaigh: Corpus of Electronic Texts (CELT), 1997.
- —, "Prehistoric and Early Christian Ireland", in Foster, Roy (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland. Oxford University Press. 2001, ll. 1–52.
- Ó Cróinín, Dáibhí (eag.), A New History of Ireland: Prehistoric and Early Ireland, Vol. 1. Oxford University Press. 2005.
- O'Donovan, John (eag. agus aistr.), Annala Rioghachta Eireann. Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters, from the Earliest Period to the Year 1616. 7 iml, Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath, 1848–51, 2a heagrán, 1856.
- O'Grady, Standish H. (eag. agus aistr.), "Death of Crimthann son of Fidach, and of Eochaidh Muighmedóin's three sons: Brian, Ailill, Fiachra", in Silva Gadelica Williams and Norgate. 1892, ll. 373–8.
- —, "The Story of Eochaidh Muighmedóin's Sons", in Silva Gadelica Williams and Norgate. 1892, ll. 368–73.
- O'Hart, John, Irish Pedigrees. 5th edition, 1892.
- O'Keeffe, Eugene (eag. agus aistr.), Eoganacht Genealogies from the Book of Munster. Cork, 1703.
- O'Rahilly, Thomas F., Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946.
- Sproule, David, "Origins of the Éoganachta", in Ériu 35 (1984), ll. 31–37.
- —, "Politics and pure narrative in the stories about Corc of Cashel", in Ériu 36 (1985), ll. 11–28.
- Stokes, Whitley (eag. agus aistr.), "Aided Chrimthaind Maic Fhidaig: The Death of Crimthann mac Fidaig", in Revue Celtique 24, 1903, ll. 172–189.
- —, "Echtra Mac nEchach Muigmedóin: The Adventures of the Sons of Eochaid Muigmedóin", in Revue Celtique 24, 1903, ll. 190–207.
- —, Lives of Saints from the Book of Lismore. Oxford. 1890, (ll. 239–40)
- Thurneysen, R, (eag.), "Baile Chuind Chétchathaig nach der Handschrift von Druim Snechta", in Zu irischen Handschriften und Litteraturdenkmälern (Berlin 1912): 48–52.
- Welch, Robert (eag.) le Bruce Stewart, The Oxford Companion to Irish Literature. Oxford University Press. 1996.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ crimthan(n), sionnach, ar eDIL
- ↑ fidach, fear coille, ar eDIL
- ↑ Teimpléad:Harvcolnb
- ↑ Teimpléad:Harvcolnb
- ↑ MS folio 150b, Leabhar Laighneach.
- ↑ Banshenchus: The Lore of Women
- ↑ Stokes 1890, ll. 239–40
- ↑ Teimpléad:Harvcolnb
- ↑ dind ar eDIL, dionn
- ↑ doé ar eDIL, múr cosanta.
- ↑ Byrne 2001, ll. 183–4
- ↑ Teimpléad:Harvcolnb
- ↑ Chadwick 1958, ll. 122–3
- ↑ Bat's Castle
- ↑ MacNeill 1926, ll. 128–32
- ↑ Gleann na gCros ar logainm.ie
- ↑ Míleac ar eDIL
Réamhtheachtaí Eochaid Mugmedon |
Ard-Rí na hÉireann ACM 365–376 FFÉ 351–368 |
Comharba Níall Noígíallach |