Corcaigh Thoir (Dáilcheantar)

toghcheantar Dháil Éireann (1981–)

Is Dáilcheantar 4 suíochán é Corcaigh Thoir.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCorcaigh Thoir

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1981
Aitheantóir tuairisciúil
David Stanton
Liam Quaide, DS, 2024
James O'Connor, 2020

Toghcháin

cuir in eagar

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála David Stanton (Fine Gael), Seán Sherlock (Páirtí an Lucht Oibre), Pat Buckley (Sinn Féin), Kevin O'Keeffe (Fianna Fáil)

Olltoghchán 2020

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála David Stanton (Fine Gael), Seán Sherlock (Páirtí an Lucht Oibre), Pat Buckley (Sinn Féin), James O'Connor (Fianna Fáil). Bhí Buckley, arb as Mainistir na Corann dó, ar bharr an chomhairimh in 2020 le 12,587 vóta. Cosúil le James O’ Connor (FF) tá a cheantar tacaíochta i ndeisceart an dáilcheantair.[1]

Olltoghchán 2024

San Olltoghchán 2024, bhí dhá athrú mór déanta ar an toghcheantar seo, thart ar 9,000 vóta aistrithe isteach i gCorcaigh Thuaidh Lár agus thart ar 3,500 vóta curtha isteach i gCorcaigh Thiar-Thuaidh. Bhí ochtar déag iarrthóirí san iomaíocht do na ceithre shuíochán, ina measc na Teachtaí Dála James O’ Connor (FF) agus Pat Buckley (SF).[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Noel McCarthy (FG) agus Liam Quaide (SD) agus atoghadh Pat Buckley (Sinn Féin) agus James O'Connor (Fianna Fáil).

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (2024-11-25). "Páirtí an Lucht Oibre, Fianna Fáil agus neamhspleáigh ag súil le suíocháin bhreise i gcathair agus oirthear Chorcaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-25.